Is éard atá i gceist le Litríocht na Frainceiomlán na saothar litríochta a scríobh Francaigh nó daoine de bhunadh na Fraince. Féadtar saothair litríochta a scríobh saoránaigh de chuid na Fraince a scríobhann i dteangacha eile na tíre, amhail an Bhriotáinis nó an Bhascais, a áireamh mar chuid de litríocht na Fraince leis.

Leathanach 153v an leabhair ar a dtugtar Les Très Riches Heures du duc de Berry (1412-1416), ceann desna lámhscríbhinní is cáiliúla de chuid na Fraince.

Tugtar Litríocht na Fraincise (Fraincis: Littérature de langue française) ar iomlán na saothar litríochta scríte i bhFraincis le daoine ó thíortha eile ina labhraítear an Fhraincis, tíortha leithéid na hAilgéire, na Beilge, Cheanada, na hEilvéise, Mharacó, na Seineagáile agus mar sin de.

Tosnaíonn stair litríocht na Fraince sa Mheánaois, nuair a tosnaíodh ar shaothair litríochta a scríobh sa tSean-Fhraincis, agus leanann sí ar aghaidh go dtí an lá atá inniubh ann.