Litríocht na hIodáilise

Is í litríocht na hIodáilise an litríocht a scríobhtar trí mheán na hIodáilise. Meastar go dtéann stair na litríochta in Iodáilis siar go dtí an 13ú haois, cé go raibh scríbhneoireacht le fáil i dteanga na ndaoine roimhe seo. Ba í an Laidin príomhtheanga litríochta na hIodáile ar dtús, agus bhí teangacha eile ann fós, ach diaidh ar ndiaidh tháinig an Iodáilis chun cinn mar phríomhtheanga.

Is í La divina commediaAn Choiméide Dhiaga an leabhar is tábhachtaí i litríocht na hIodáile. Tá an teanga chaighdeánach bunaithe ar an saothar seo. Dainté Ailigéirí a chum an dán sa 14ú haois.

Litríocht na Meánaoise cuir in eagar

I dtús na Meánaoise ba í an Laidin teanga na litríochta san Iodáil, agus scríbhneoirí ar nós Cassiodorus, Boethius agus Symmachus á saothrú. Na Gotaigh a bhí ag rialú na tíre, cé go raibh teanga Gearmáinice acu ó thús, ní raibh drogall orthu roimh shibhialtacht na sean-Róimhe, agus le fírinne bhí siad breá sásta nósanna agus cultúr galánta na tíre a fhoghlaim, an Laidin san áireamh. An rí Gotach Theodoricus a bhí ag rialú na tíre ó Ravenna, bhí sé fabhrach don chultúr liteartha, agus na ríthe Gotacha a tháinig i gcomharbas air thug siad cuireadh do scoláirí reitrice agus gramadaí teacht chun na cúirte le ceart na Laidine a mhúineadh do na móruaisle Gotacha. Ar scríbhneoirí agus ar fhilí móra na linne bhí Magnus Felix Ennodius, easpag Pavia; Arator, a scríobh leagan véarsaíochta de Ghníomhartha na nAspal; agus Venantius Fortunatus.

Teacht na dTrúbadóirí cuir in eagar

Sa dóú haois déag tháinig an trúbadóireacht a fhad le tuaisceart na hIodáile. Cosúil le filí clasaiceacha na nGael ba filí cúirte iad na trúbadóirí a bhí i dtuilleamaí na n-uasal cumhachtach lena gceird a chleachtadh, agus ba í an teanga a bhí acu ná an Phróvansáilis (an Ocsatáinis), arbh í teanga dhúchais an traidisiúin í (ón teanga sin a fuarthas an focal féin, troubadour). Bhí canúintí Ocsatáinise á labhairt i gcuid de Thuaisceart na hIodáile go nádúrtha, rud a chuidigh leis an traidisiún seo greamú a dhéanamh san Iodáil. Ar dtús ní raibh ann ach faisean coimhthíoch, ach de réir a chéile tháinig trúbadóirí dúchasacha ar an bhfód freisin. Sa Lombaird ba mhó a chuaigh an trúbadóireacht greamaithe. Is dócha gurbh é Rambertino Buvalelli, a saolaíodh sna 1170idí agus a fuair bás sa bhliain 1221, an chéad trúbadóir mór le rá a saolaíodh san Iodáil féin. B'as Bologna dó. Cé nach raibh Ocsatáinis ó dhúchas aige, bhí ciall mhaith aige don teanga sin, agus é an-sciliúil á láimhseáil.

Scoil na Sicile cuir in eagar

Ní raibh i gceist leis an trúbadóireacht ach faisean ón iasacht, go bunúsach, cé go raibh tábhacht aici i stair litríochta na tíre. Sa bhliain 1230 cuireadh Scoil na Sicile ar bun. Is éard a bhí i gceist ná filíocht grá in Iodáilis de chineál éigin, seachas in Ocsatáinis. Ba é Feardorcha a Dó de mhuintir Hohenstaufen, a bhí ag rialú Naomh-Impireacht na Róimhe is na Gearmáine san am, a chuir gairm scoile ar fhilí na linne agus a thug urraíocht dóibh, agus faoina choimirce a tháinig an chéad fhilíocht Iodáilise chun saoil. Filíocht liriciúil a bhí i gceist le saothar Scoil na Sicile, agus cé gur teanga nó canúint Iodálach a bhí á scríobh ag na filí seo, bhí tionchar na hOcsatáinise nó na Fraincise le mothú ar an stíl. A lán de na saintéarmaí a bhí acu bhí siad múnlaithe ar fhocail Fraincise nó Ocsatáinise. Mar is dual do thraidisiún an ghrá chúirtéisigh, ba é príomhábhar na véarsaí seo ná grá an ridire don bhantiarna, agus ní raibh mórán earótachais le haithint orthu - le fírinne an cur síos a thugadh na filí Sicileacha ar an móitif seo bhí sé ní ba phlatónaí, ní ba neamhearótaí ná réamhshamplaí na dtrúbadóirí Ocsatánacha féin.

An teanga a chleachtadh na filí Sicileacha níorbh í canúint na Sicile a bhí ann ach meascán nó koiné inar tháinig focail agus tionchar ó chanúintí éagsúla Dheisceart na hIodáile le chéile. Mar sin ba chéim chun cinn í i gcaighdeánú osréagúnda na hIodáilise. Ba é Giacomo da Lentini an file ba thábhachtaí acu, agus dealraíonn sé gur rugadh timpeall na bliana 1210 é; níor mhair sé ach leathchéad éigin bliain. Eisean a chéadcheap an soinéad.

An Litríocht Chráifeach cuir in eagar

Sa tríú haois déag tháinig gluaiseacht reiligiúnach litríochta ar an bhfód san Iodáil, nuair a thosaigh an tOrd Doiminiceach agus an tOrd Proinsiasach ag dul chun cinn. Na seanmóirí is sine atá againn in aon chanúint Iodálach ba ón Doiminiceach Giordano da Pisa (nó Iordán ó Phisa) a tháinig siad. Maidir le Proinsias ó Assisi, a bhunaigh Ord na bProinsiasach, scríobhadh seisean filíocht freisin, ach cé gur fear léannta a bhí ann, ní raibh a chuid filíochta inchomórtais le saothar na Sicileach. Is í "Caintic na Gréine" an saothar is clúití dár chum Proinsias, agus is é an chéad mhórshaothar filíochta a tháinig ó Thuaisceart na hIodáile. De réir an fhinscéil breacadh an dán seo síos ó bhéalaithris Phroinsiais nuair a bhí sé ag bisiú ó ghalar éigin i San Damiano, sa bhliain 1224. I gcanúint Umbria a dheachtaigh sé an t-iomann seo, ach tá cáil ar an dán ar fud an domhain Chaitlicigh inniu, agus é aistrithe go teangacha móra agus beaga an domhain. Níltear cinnte, áfach, arbh é Proinsias a chum é i ndáiríre.

File cráifeach eile ó Umbria ab ea Jacopone da Todi. Bhí sé go mór faoi mhisteachas Phroinsiais, ach san am chéanna ba aorthóir é agus é ag lochtú fimíneacht agus béalchráifeacht na hEaglaise, an Pápa Bonifatius a hOcht ach go háirithe. Fuair bean chéile Jacopone bás nuair a thit seastáin an lucht féachana ag turnaimint phoiblí, rud a d'fhág Jacopone chomh mór faoi léan is gur athraigh sé béasa ar fad: dhíol sé a chuid maoin shaolta, roinn sé an luach ar na bochta is na nochta agus chuaigh sé sna Proinsiasaigh. Bhí an bhean ní ba chráifí ná é féin, agus í sásta aithrí a dhéanamh thar a chionn-san, i bpeacaí an fhir chomh maith lena peacaí féin, agus nuair a fuair sise bás, bhí sé á mhilleánú féin. Misteach agus aiscéiteach a bhí ann agus é ag éileamh ar na Pápaí go gcomhlíonfaidís na caighdeáin chéanna cráifeachta a chuir sé i bhfeidhm air féin; nuair nár chomhlíon, lochtaíodh sé iad ina chuid dánta go gangaideach. Mar sin chuaigh géarleanúint air agus chaith sé seal sa phríosún. Scríobhadh sé dánta molta do Dhia freisin, agus ó rinne sé iarrachtaí imeachtaí shaol an tSlánaitheora a stáitsiú le hiad a dhéanamh intuigthe do na daoine bochta nach raibh léamh ná scríobh acu, agus é ag cabhrú le forbairt na hamharclannaíochta sa tír mar sin.