Litreoir

bogearra a aimsíonn focail mhílitrithe

Tugann litreoir (nó seiceálaí litrithe uaireanta) cabhair do dhaoine fadhbanna litrithe a aimsiú agus a cheartú ar ríomhaire, mar shampla, botúin sna claochluithe tosaigh, focail mhílitrithe, srl. Is bogearraí áirge é.

"Gaelspell" ar Firefox, an litreoir Gaeilge ó Kevin Scannell; Fógra feicthe ar Twitter

Is féidir le roinnt ríomhchlár botúin ghramadaí a cheartú freisin. Tugtar gramadóir (nó seiceálaí gramadaí) ar a leithéid sin.

Tá teangacha an duine i bhfad róchasta chun gur féidir le ríomhairí iad a thuiscint ina n-iomláine. Mar sin, níl aon 'litreoir' nó gramadóir foirfe, agus ba chóir an téacs a léamh go cúramach fiú tar éis dóibh dul trí litreoir/gramadóir.[1].

Litreoirí as Gaeilge cuir in eagar

GaelSpell, litreoir "foinse oscailte" do Firefox agus LibreOffice cuir in eagar

 
Gaelspell: litriú Kevin Scannell, ar Firefox

Tá GaelSpell ar fáil saor in aisce anseo[2] ar cadhan.com agus ón mbliain 2000 ar suíomhanna eile[3].

Is ríomhchlár "foinse oscailte" é GaelSpell, ar fáil faoin cheadúnas GPLv2. Tá an bunchód go léir ar fáil ó shuíomh forbartha ag Google Code. Mar sin is féidir GaelSpell a úsáid ar gach cineál córais: Linux, Mac OS, is mar sin de. Oibríonn GaelSpell chomh maith laistigh de Mozilla Firefox, OpenOffice srl. Agus dá bhrí sin, tá na Vicipéideoirí in ann úsáid a bhaint as litreoir Gaeilge i bhFirefox, agus é saor in aisce[4].

Anois (GaelSpell) do Microsoft Word ar PC cuir in eagar

Tá breisiú de Gaelspell ar fáil do Microsoft Word 2010 agus Windows 7 srl, Anois, le litreoir agus gramadóir san áireamh. Ach níl an leagan seo saor in aisce [5].

MacLitriú cuir in eagar

Litreoir Gaeilge do Mac OS X is ea MacLitriú[6]. Tá na foclóirí in MacLitriú bunaithe ar GaelSpell, cosúil le Anois. Oibríonn MacLitriú i ngach feidhmchlár a bhaineann úsáid as an tseirbhís litrithe i Mac OS X. Oibríonn sé le Safari, iWork, TextEdit, iChat, srl. Níl an leagan seo saor in aisce, ach níl sé costasach.

Gramadóir, leagan líonra cuir in eagar

Is litreoir é freisin ach ‘sé “Gramadóir” an teideal. Tá “An Gramadóir”, bunaithe ar GaelSpell, le fáil tríd chomhéadan idirlín.[7] Is saorbhogearra an ríomhchlár seo, agus tá sé nuashonraithe ar bhonn leanúnach.

Microsoft Word (2003) cuir in eagar

Tá litreoir Gaeilge fós ar fáil do Microsoft Office Word 2003 agus Office XP (Office 2002). Ó 2002 an nuashonrú is deireanaí áfach. Bhí an clár seo le fáil saor in aisce ó Microsoft. Bhí an bogearraí fós le fáil ar CNET i 2020[8][9]. B’fhéidir nach oibríonn an leagan seo le Office 2007 agus níos déanaí[10].

 
Kevin P. Scannell

Stair cuir in eagar

Is é Kevin P. Scannell ó Ollscoil Saint Louis a scríobh GaelSpell sa bhliain 2000[11]. Tá Gaelspell bunaithe ar fhoclóir Uí Dhomhnaill. Bhí os cionn 330,000 iontráil i GaelSpell sa bhliain 2011.

Bhunaigh Kevin P. Scannell an chéad leagan de GhaelSpell ar chorpas Gaeilge déanta as an Peintiteoch agus as na ceithre Shoiscéal as Bíobla Maigh Nuad (a bhí le fáil ar dhlúthcheirnín). Bhain sé tairbhe freisin as téacsanna ó fhoilseacháin ar líne: An Teanga Bheo[12], , agus Foinse.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Chun litreoir a chur chun cinn, an gnáth-bhunstraitéis atá ann ná liosta ceannfhocal le heolas gramadúil a chruinniú i mbunachar sonraí. Seo é an modh a lean Kevin P. Scannell. Ansin scríobhann innealtóirí ríomhchlár a tháirgeann gach uile fhoirm infhillte de na hainmfhocal, de na briathra, agus de na haidiachtaí. Tuilleadh eolais ar cadhan.com/gaelspell
  2. "GaelSpell: Íoslódáil". cadhan.com. Dáta rochtana: 2020-07-10.
  3. Níorbh é Gaelspell an chéad litreoir Gaeilge. Dar le Kevin P. Scannell, i rith 1997-1998, scríobh Alastair McKinstry ispell-ga, clár a bhí cosúil le ispell-gaeilge.
  4. Beo, Eagrán 39, Iúil 2004
  5. "cruinneog.com". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-09-12. Dáta rochtana: 2012-02-03.
  6. www.snasta.ie/maclitriu
  7. Nasc chuig ˈˈGramadóirˈˈ
  8. CNET
  9. Cuardaigh “Irish Proofing Tools” for “Office XP”
  10. NUI Gaillimh - Acmhainní Gaeilge don ríomhaire
  11. https://cadhan.com/
  12. "Siopa.ie - An Teanga Bheo - Corca Dhuibhne". www.siopa.ie. Dáta rochtana: 2020-07-10.


Naisc sheachtracha cuir in eagar

‎‎‎