Bhí an ócáid Live Aid eagraithe le haghaidh airgid a bhailiú chun cabhrú leis an ngorta san Aetóip. Ar an 13 Iúil 1985, chuir Bob Geldof Live Aid ar stáitse, ceolchoirm mór roc ar mhaithe leis an gcarthanacht. Bailíodh breis is céad milliún dollar i gcóir fóirithinte i n-aghaidh an ghorta san Afraic.

Philadelphia, PA

Cúlra cuir in eagar

Bá é Bob Geldof urlabhraí an ghrúpa Na Boomtown Rats agus ní raibh eagla riamh air labhairt amach i gcoinne rudaí nár thaitin leis. Thug Geldof cuairt ar an Aetóip i 1984 agus chuir an gorta ansin uafás air. Bhailigh sé amhránaithe agus grúpaí cáiliúla an domhain le chéile. Chuir "Band Aid" amach ceirnín an Nollaig sin[1].

 
An cheolchoirm i Philadelphia.

Ceolchoirm cuir in eagar

Ba cheolchoirm raic é Live Aid ar an 13 Iúil 1985. I ndiaidh Band Aid, chuir Geldof agus a chomhghleacaithe dhá cheolchoirm ar siúl faoin ainm Live Aid i Londain agus in Philadelphia ar an 13 Iúil den bhliain 1985. Bhí ceolchoirm amháin ar siúl i Staid Wembley, Londain, áit a raibh 72,000 duine agus ceann eile i Staid JFK i Philadelphia, áit a raibh timpeall 90,000 duine.

D'fhéach billiún go leith duine ar fud an domhain ar na ceolchoirmeacha, a lean ar aghaidh le 16 uair ar an teilifís, i gcéad tír. Bhí níos mó ná 60 de na réaltaí ba mhó sa rac-cheol páirteach san ócáid. Bhí Geldof agus a chomhghleacaithe ag iarraidh an roc-ceolchoirm is mó a chonaic an saol riamh a eagrú. Bhí na ceoltóirí is fearr sa domhan ag seinm ann[2].

 
Philadelphia, PA

Bhí an ócáid eagraithe le haghaidh airgid a bhailiú chun cabhrú leis an ngorta san Aetóip. Bailíodh níos mó ná £100 milliún le maolú ar an ngorta san Afraic, is cosúil.

Tionchar cuir in eagar

I ndiaidh Live Aid bhí clú ar Bob Geldof ar fud an domhain. Lean Geldof ar aghaidh lena chuid oibre ar son na hAfraice, agus é ag tacú le hIubhaile na bliana 2000, feachtas chun fiacha na hAfraice a chur ar ceal.[3] Thug Éireannach cáiliúil eile, Bono, tacaíocht don fheachtas céanna.

 
Sir Bob Geldof, 1987

Thaistil Gelfod chuig cuid mhór áiteanna ag tógáil airgid ar son na hAfraice. Chuaigh sé a throid leis an phríomh-aire Margaret Thatcher. Bhí sise ag iarraidh cáin a ghearradh ar an airgead a bhí á thabhairt don Afraic, ach thug Geldof uirthi athchomhairle a dhéanamh.

An bhliain i ndiaidh Live Aid, rinne an Bhanríon i Sasana ridire onórach de (ach ar an ábhar gur rugadh Geldof in Éirinn, ní féidir leis an teideal ‘Sir’ a chur roimh a ainm). Tháinig deireadh leis an ngrúpa na Boomtown Rats ag Live Aid. Ach tá sé soiléir ón DVD agus ó leabhar Geldof, Is That It?, go raibh sprid an ghrúpa ag teip ar feadh roinnt blianta sula stopadar[4]. I mBaile Átha Cliath a sheinneadar a ngig deireanach, san RDS ag Self Aid, ceolchoirm a eagraíodh le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre.

Tagairtí cuir in eagar

  1. St Munchins College. "Ar Son Mhuintir na hAfraice".
  2. nicurriculum.org.uk. "Beatha le Bua". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-01-01. Dáta rochtana: 13/7/2018.
  3. CCEA. "Beatha le bua - beathaisnéis Geldof". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-13. Dáta rochtana: 2020.
  4. Beo.ie (Nollaig 2006). "The Boomtown Rats – cúigear buachaillí dána".