Is imchuach gaineamhlaigh é an Logán Qattara (Araibis: منخفض القطارة‎ Munḫafaḍ al-Qaṭṭārah) laistigh de Ghaineamhlach na Libia de chuid Iar-Thuaiscirt na hÉigipte, sa Ghobharnóireacht Matruh. Tá an logán 133 m (436 troigh) faoi bhun leibhéal na farraige, is is é an dara pointe is ísle san Afraic (Loch Assal in Djibouti is ea an ceann is ísle). Clúdaíonn an Logán thart ar 19,500 km2 (7,500 míle cearnach), méid atá inchurtha le Loch Ontario, agus ag a uasmhéid tá sé 220 km (140 míle) ar fhad agus 120 ciliméadar (75 míle) ar leithead. Ag bun an logáin tá log salainn. Luíonn an Oasis Siwa roinnt fiche ciliméadar taobh thiar de i logan cosúil leis, ach níos lú.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachLogán Qattara
Íomhá
CineálLogán agus endorheic basin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinGobharnóireacht Matrouh, An Éigipt Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 30°00′N 27°30′E / 30°N 27.5°E / 30; 27.5
Tréithe
Airde os cionn na farraige−134 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí135 (leithead) km
Achar19,605 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil an logáin.