Louis Riel

polaiteoir Ceanadach

Polaiteoir ba ea Louis Riel (22 Deireadh Fómhair 1844 - 16 Samhain 1885) a bhunaigh cúige Manitoba i gCeanada. Bhí sé ina cheannaire ar na Métis,[1] pobal ar mhachairí Cheanada sa chuid is mó.[2][3]

Infotaula de personaLouis Riel

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Deireadh Fómhair 1844
Saint Boniface (Impireacht na Breataine)
Bás16 Samhain 1885
41 bliana d'aois
Regina, Saskatchewan, Saskatchewan Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Áit adhlacthaSaint Boniface Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Thionól Reachtach Assiniboia
9 Márta 1870 – 24 Meitheamh 1870
Ball de Theach na dTeachtaí i gCeanada
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMétis
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síCollège de Montréal Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Ottawa
Red River Colony (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Fhraincis
Teaghlach
AthairLouis Riel, Sr.
SiblínSara Riel
Duine muintearthaJean-Baptiste Riel (seanathair)
Marie-Anne Gaboury (seanmháthair) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Find a Grave: 4228 Cuir in eagar ar Wikidata
Laoch inniu
Manitoba Legislative Grounds

D'eagraigh Riel gluaiseachtaí saoirse dá phobal féin i gcoinne rialtas na tíre. Tar éis éirí amach a eagrú sa bhliain 1869, chuaigh sé i mbun idirghabhála leis an rialtas agus bunaíodh Manitoba.

Chaith sé seal ar imirce i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar gheall ar fhear darbh ainm Thomas Scott a chur chun báis le linn an éirí amach. Toghadh trí huaire é chuig parlaimint Cheanada agus é ar a choimeád, ach níor ghlac sé riamh lena shuíochán. Samhlaíodh dó go raibh inspioráid ó Dhia aige mar fháidh agus mar cheannaire, agus chuaigh an creideamh sin i gcionn ar a ghníomhartha.

Bhí sé rannpháirteach in éirí amach eile sa bhliain 1885. Cuireadh tréas ina leith agus cuireadh chun báis é ach maireann a cháil, go háirithe i measc cainteoirí Fraincise i gCeanada, mar laoch de chuid an ghnáthphobail. Bhí tionchar ag a dhaoradh chun báis ar an gcaidreamh a bhí acu sin leis an mhóramh sa tír go ceann i bhfad.

Bású cuir in eagar

Crochadh Riel i bpríosún Regina ar an 16 Nollaig 1886. 'Gach aon ní a bhí déanta le blianta fada chun cairdeas agus comhoibriú a chothú idir an dá chine agus an dá chreideamh, bhí sé curtha ó mhaith nuair a crochadh Louis Riel.‘[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Métis" (as en) (2021-11-06). Wikipedia. 
  2. Maitiú Ó Coimín (24 Feabhra 2015). "Stádas na Fraincise á throid i gCúirt Uachtarach Cheanada" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-16.
  3. 3.0 3.1 Seán Ua Cearnaigh. (Feasta 66 (9), 12.). "Quebéc, Louis Riel agus an ceangal Éireannach.". Dáta rochtana: 2021.