Louise Crisp

file Astrálach

File Astrálach is ea Louise Crisp (rugadh 1957).

Infotaula de personaLouise Crisp
Beathaisnéis
Breith1957
66/67 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sí ina cónaí in Gippsland Thoir in Victoria lena fear céile agus beirt iníonacha. Bhí poist aici mar fhaireoir ar thúr tine, mar mhairnéalach boird agus eile. Tá an chéad chnuasach dánta aici, The luminous ocean, le fáil mar chuid den chomhfhoilseachán In the Half-Light (1988, Friendly Street Poets) le Valery Wilde (Mad moon alight).[1]

Bhí an leabhar úd ar liosta Dhuais Filíochta C.J. Dennis. Bhí a cnuasach Yuiquimbiang (2019) ar liosta Dhuais Filíochta Phríomh-Aire Victoria in 2020.[2]

Leabhair cuir in eagar

  • The luminous ocean. (Friendly Street Poets, 1988)
  • Pearl & sea fed. (New Zealand: Hazard Press, 1994) ISBN 0-908790-79-1
  • Ruby Camp: A Snowy River series. (Melbourne: Spinifex Press, 1998) ISBN 1-875559-83-3
  • Three golden fish. (Wind and Water Press, 2004) ISBN 0-9585422-8-7
  • Uplands: poems. (Five Islands Press, c.2007) ISBN 0-7340369-2-2
  • Yuiquimbiang. (Cordintebooks, 2019) ISBN 9-7806480568-9-8

Sliocht cuir in eagar

I come into her country
the dingo observes me
seeking a trail across
the river
padding back and forth
then sitting to wait
on a sandbar
the wind does not
disturb her or my smell (Sliocht as “Sejant”)

Isteach ina tír a thagaim
faireann an diongó orm
ar lorg bealaigh
thar an abhainn
ar sodar siar is aniar
ag suí is ag fanacht
ar oitir ghainimh
ní chuireann an ghaoth
ná mo bholadh as di

Nótaí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar