Ionstraim a chuirtear i bhfeithicil chun a luas a thaispeáint an t-am ar fad. De ghnáth, bíonn cábla ón seafta tiomána a rothlaíonn maighnéad a ionduchtaíonn sruth guairneáin i seoltóir neamh-mhaighnéadach atá ceangailte leis an tsnáthaid táscaire. Idirghníomhaíonn an buanmhaighnéad leis na réimsí ionduchtaithe chun an tsnáthaid a chasadh trí uillinn i gcoinne lingeán aischuir.

Ba é Josip Belušić a chum an luasmhéadar roimh 1888.[1] Paitinníodh a aireagán i 1888 i Vín agus chuir i láthair é ag an Exposition Universelle i bPáras.[2][3][1][4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Sobey, Ed (2009). "A Field Guide to Automotive Technology". Chicago Review Press. 
  2. Hussey, Matt (2011). "Luasmhéadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 421.
  3. Jouvin, Bernard. "Compteur de vitesse: saviez-vous qu'il a 130 ans?". L'Est Républicain. Dáta rochtana: 15 Feabhra 2021.
  4. "Belušić, Josip". Hrvatska tehnička enciklopedija [Encyclopedia Teicniúil na Cróite]. Arna gcartlann ón mbunleagan ar 14 Feabhra 2021. Aisghafa 15 Feabhra 2021.