Comhdhúil cheimiceach a mharaíonn fiailí. Is féidir luibhicídí neamhroghnacha a úsáid chun an fásra uile a mharú roimh shaothrú is plandáil. Tar éis don bharr a theacht amach, úsáidtear luibhicídí roghnacha a bhíonn dírithe ar fhiailí díobhálacha agus a fhágann fiailí eile is an barr féin gan dochar. Níl aon luibhicídí ann a bheadh inghlactha i bhfeirmeoireacht orgánach, agus ina leithéid sin de chás cuirtear muinín in uainíocht phleanáilte, barra iomaíocha, déanamh móta, agus bealaí meicniúla chun fiailí a smachtú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Luibhicíd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 422.