Planda ilbhliantúil is ea an lus beatha[1]Stachys officinalis agus é dúchasach don Eoraip. Bíonn na gais cearnach. Na duilleoga bunata le gais fhada i gcnota, na duilleoga uachtaracha i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna démhaothánach, le feadán fada geal scothdhearg/corcra, i bhfáinní.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLus beatha
Betonica officinalis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineLamiaceae
GéineasBetonica
SpeiceasBetonica officinalis Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Seanluibh leighis ab ea é. Bhaintí úsáid as le trom luí a sheachaint, mar shampla. Seanrá i Spáinnis ná "Tá an oiread sin bua aige agus atá ag an lus beatha".[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Stachys officinalis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Lus beatha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 424.