Máel Dóid mac Suibni

rí Éireannach

Rí Uisnigh de Chlann Cholmáin, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Maol Dóid mac Suibhne (Sean-Ghaeilge Máel Dóid mac Suibni (bás 653). Suibne mac Colmáin (bás 600) ba ea a athair, agus Conall Guthbhinn (bás 635) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 635 go dtí 653.[2]

Infotaula de personaMáel Dóid mac Suibni
Beathaisnéis
Bás653
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairSuibhne mac Colmáin

Le linn na tréimhse seo i stair na Mí, bhíodh achrann idir Clann Cholmáin agus Síol Aodha Sláine. Maraíodh go fealltach Suibhne athair Mhaoil Dóid ag a uncail, Aodh Sláine mac Diarmada (bás 604) sa bhliain 600.[3][4] Maraíodh deartháir Mhaoil Dóid, Conall Guthbhinn, ag Diarmaid mac Aodha Sláine (bás 665) sa bhliain 635.[5][6]

Sa bhliain inar tháinig Maol Dóid i gcoróin, mharaigh Diarmaid i mbun chatha a choil ceathrar de Chlann Cholmáin Bhig, Máel Umai agus Colga (mic Aonghasa mhic Colmáin Bhig (bás 621)).[7][8] Dhá bhliain i ndiaidh sin sa bhliain later in 637, maraíodh a nia, Airmeatach Caoch mac Conaill Guthbhinn, agus a mhac Faolchú, ag Cath Mag Rath ag troid ar son Conghaile Chaoich na Ulad. Bhí Síol Aodh Sláine ar an bhfód ina éadan.[9]

Ní fheictear Maol Dóid féin sna hannála ina thásc sa bhliain 653.[10] Maraíodh a mac, Feredach, i rith coimheascair i gCrannach sa bhliain 697.[11]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 3
  2. Tugtar réimeas 15 bliain sa Leabhar Laighneach, 16 bliain i Sioncronachtaí Laud
  3. Annála Uladh, AU 600.2
  4. Annála Tiarnaigh, AT 598.3
  5. AU 635.1
  6. AT 637.5
  7. AU 635.2
  8. AT 637.8
  9. T.M.Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 495
  10. AT 653.7
  11. AU 697.6