Máire Mhac an tSaoi

scríbhneoir, file, teangeolaí, agus scoláire, Éireannach

Ba scoláire agus duine de mhórfhilí na Nua-Ghaeilge í Máire Mhac an tSaoi (4 Aibreán 1922 i mBaile Átha Cliath - 16 Deireadh Fómhair 2021).[1] Bhí sí ar na filí Gaeilge ab iomráití san am. Tá a cnuasaigh amhail Margadh na Saoire (1956) agus Codladh an Ghaiscigh (1973) áirithe mar mhórshaothair de chuid litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann.[2]

Infotaula de personaMáire Mhac an tSaoi
Beathaisnéis
Breith4 Aibreán 1922
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Deireadh Fómhair 2021
99 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Dámh na nEalaíon Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, filíocht, teangeolaíocht agus taidhleoireacht
Gairmtaidhleoir, scríbhneoir, file, teangeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
CéileConchúr Crús Ó Briain Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 86b50feb-744a-4778-b344-cba8115384ba Find a Grave: 233316884 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Muintir cuir in eagar

Rugadh Máire Mhac an tSaoi, nó Máire MacEntee mar a thugtaí uirthi, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1922, an duine ba shine den triúr clainne a rugadh do Sheán Mac an tSaoi agus dá bhean chéile Máiréad (née de Brún).

Polaiteoir sinsearach ba ea a hathair: múinteoir ba ea a máthair. Ba bhall bunaidh agus Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil Seán Mac an tSaoi, a bhí ina Thánaiste in Éirí Amach na Cásca. Múinteoir ba ea Margaret de Brún (as Luimneach) ag Coláiste Alexandra. Ba phoblachtóir ise freisin. Bhí sí ina léachtóir le Gaeilge i UCD níos deireanaí.

Bhí uncail aici, an Moinsíneoir Pádraig de Brún, agus ba dhuine de scoláirí Gaeilge ba mhó an chéid é .

Óige cuir in eagar

D'fhreastail sí ar Choláiste Alexandra, áit ina raibh a máthair ag múineadh, ar Chlochar Loreto i Ráth Fearnáin. Bhí ceangal mór aici le Gaeltacht Chorca Dhuibhne, mar a mbíodh sí ar saoire agus í óg sa teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nDún Chaoin. Thóg a huncail, Pádraig de Brún, an teach sa bhliain 1920. Agus an t-athair gafa le cúraimí an rialtais, chaitheadh na páistí cúpla mí sa mbliain i nDún Chaoin i dteach a n-uncail. Ba ansin a tháinig Mac an tSaoi isteach ar dhúchas fhilíocht na Gaeilge.

Rinne sí a cuid staidéir ansin ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus ar Ollscoil Sorbonne sa Fhrainc. Rinne Mhac an tSaoi staidéar ar theangacha nua-aoiseacha agus ar an Léann Ceilteach.

Bean a raibh intleacht thar an gcoitiantacht aici, glacadh léi mar abhcóide i mBaile Átha Cliath, rud b'annamh san am.

 
Ceanncheathrú na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Rinne sí obair mhór mar thaidhleoir idir 1947-1962. Bhí sí ar fhoireann na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar seirbhís sa Fhrainc (i Strasbourg), sa Spáinn agus ag na Náisiúin Aontaithe.

 

Scoláire cuir in eagar

Ba scoláire í i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar feadh tamaill agus ba Scoláire Taistil í ó 1945 go 1947.

Bhí sí ar dhuine den fhoireann an English-Irish Dictionary (BÁC: Oifig an tSoláthair, 1959), faoi eagarthóireacht an Ollaimh Tomás de Bhaldraithe.

 
Thóg na NA an campa seo do na Baluba, i Katanga, san 1960idí

Ba bhall í d'Aosdána. Sa bhliain 1991, bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh sa Léann Ceilteach ar Mháire Mhac an tSaoi.

Pearsanta cuir in eagar

Sa bhliain 1962 phós Máire Conchúr Crús Ó Briain (fear conspóideach, scríbhneoir agus iar-aire rialtais, a cailleadh sa bhliain 2008), cúig bliana níos sine ná í féin agus pósta (cleamhnas scannalach ag an am sin).[3] Bhí beirt pháistí uchtaithe acu, de shliocht Afracach. Nuair a d’imigh an bheirt go dtí an Congó in éineacht le chéile i 1962, bhí sé ina scannal chomh mór sin go raibh an scéal clúdaithe sa Daily Express i Sasana.[4]

Fuair Máire Mhac an tSaoi bás ar an 16 Deireadh Fómhair 2021.

 
íodh sí ar saoire sa teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nDún Chaoin. Thóg a huncail, Pádraig de Brún, an teach sa bhliain 1920.

Saothar cuir in eagar

Ar na daoine a chuaigh i gcion uirthi, luaigh Máire a máthair Máiréad go háirithe, Mícheál Ó hAodha, Gearóid Ó Murchú, Roger Chauviré, Colm Ó Lochlainn, an tOllamh Vendryes agus go háirithe a huncail, an Monsignor Pádraig de Brún. Uncail eile léi ba ea an Cairdinéal Michael Browne.

Bhí Cartlann Mháire Mhac an tSaoi díolta le hOllscoil Princeton in 2023. Tá an t-ábhar, nó beidh an an t-ábhar, ar fáil go poiblí.[5]

Filíocht cuir in eagar

Bhí an-eolas teicniúil aici ar na foirmeacha traidisiúnta agus ar an nGaeilge Chlasaiceach. Chleachtaigh sí stíl thomhaiste ina cuid dánta a thugann dánta na scol chun cuimhne — cé gur file nua-aoiseach idirnáisiúnta í.

Bhí dán léi "Jack" agus gearrscéal "An Bhean Óg" ar churaclam na hArdteistiméireachta ó 2006 go 2009. Uaireanta treascraíonn sí coinbhinsiúin na haimsire agus gan aon drogall uirthi drúis chollaíochta na mná a chur in iúl.[4][6] Sna cnuasaigh filíochta eile óna peann a foilsíodh sna seachtóidí agus na hochtóidí, tugann sí aghaidh arís ar théamaí dalba, conspóideacha nach raibh aon trácht orthu sa bhfilíocht roimhe sin. Cuireann sí íomhánna os ár gcomhair den ghinmhilleadh, de neamhthorthúlacht na mban agus den chollaíocht aonair fiú.[4]

  • Margadh na Saoire (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1956)
  • Codladh an Ghaiscigh (1973)
  • An Galar Dubhach (1980)
  • An Cion go dtí Seo (1987)
  • Shoa agus dánta eile (BÁC: Sáirséal Ó Marcaigh, 1999)
  • Marbhnaí Duino, aistriúchán ar Duineser Elegien le Rainer Maria Rilke, Indreabhán, Leabhar Breac, (2013)

Foilsíodh rogha dánta léi, curtha in eagar ag Louis de Paor, The Miraculous Parish/An Paróiste Míorúilteach in 2011.

Saothair eile cuir in eagar

  • Bhí roinnt filíochta ó ré na Gaeilge Clasaicí curtha in eagar aici in irisí léannta agus ábhar próis freisin, m. sh. Dhá Sgéal Artúraíochta (BÁC: Institiúid Ard-Léinn BhÁC, 1946).
  • A heart full of thought (BÁC: Dolmen, 1959): Aistriúcháin go Béarla ar fhilíocht ón nGaeilge Chlasaiceach
  • Miseréré (BÁC: Gill & Macmillan, 1971): Cnuasach d'aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge ar dhánta de chuid a huncail, an Mons. de Brún
  • Trasládáil (Béal Feirste: Lagan Press, 1997): Bunleaganacha agus aistriúcháin Bhéarla ar dhánta le Liam Dall Ó hIfearnáin, Piaras Feirtéir, Maghnas Ó Domhnaill, agus eile.

Neamhfhicsean cuir in eagar

  • Dhá sgéal Artúraíochta (Institiúid Ardléinn, BÁC, 1946)
  • A Concise History of Ireland, (i gcomhar le Conor Cruise O-Brien) Thames and Hudson, London ISBN 0-500-45011-0 (1972)
  • The Same Age as the State (O'Brien Press, 2007): Dírbheathaisnéis.
  • Cérbh í Meg Russell? (Indreabhán: Leabhar Breac, 2008): Leabhar staire ar shaol Phiarais Feiritéir.
  • “Writing In Modern Irish — A Benign Anachronism?”, The Southern Review, 31 Special Issue on Irish Poetry (1995)
  • dírbheathaisnéis i mBéarla, The same age as the state, foilsithe ag O'Brien Press. (2003).[7]

Ficsean cuir in eagar

  • A Bhean Óg Ón (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2001).
  • Scéal Ghearóid Iarla, ISBN 978-0-89833-253-7 Indreabhán, Leabhar Breac (2010) Bhuaigh an t-úrscéal Gradam Ui Shúilleabháin 2011.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Máire Mhac an tSaoi" (en). Portraits of Irish-Language Writers. Dáta rochtana: 2021-10-18.
  2. "Máire Mhac an tSaoi, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-18.
  3. Kathy Sheridan. "Máire Mhac an tSaoi interviewed in 2015: ‘I was very formidable’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-18.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Síobhra Aiken (2016). "Déanaimis ceiliúradh ar Mháire Mhac an tSaoi ar Lá Idirnáisiúnta na mBan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-18.
  5. Méabh Ní Thuathaláin (8 Márta 2023). "Cartlann Mháire Mhac an tSaoi díolta le hOllscoil Princeton mar nach raibh aon institiúid in Éirinn sásta í a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-09.
  6. Mar sahmapla, sa dán ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’, caitheann sí masc cosanta Mháire Ní Ógáin, arb í bean luí Dhonnchadh Rua Mac Conamara í de réir an traidisiúin bhéil, chun na céimeanna a bhain leis an gcaidreamh toirmiscthe a bhí aici féin a ríomh. (Agus an chinsireacht i réim, is deacair a shamhlú go gcuirfí a leithéid de dhán i gcló sna 1950í dá mba i mBéarla a bhí an banfhile ag scríobh).
  7. "Cruise O'Brien, Máire (Máire Mhac an tSaoi) - The Same Age as the State - PB - A Biography - BRAND NEW" (en). TheBookshop.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-18. Dáta rochtana: 2021-10-18.