Máirtín Ó Direáin

file Éireannach

File as Árainn ab ea Máirtín Ó Direáin (26 Samhain 1910 - 19 Márta 1988).[1] "Baineann an Direánach le Tríonóid Naofa na Filíochta; é féin, Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi ba mhó a chuir borradh faoin fhilíocht chomhaimseartha" sa Ghaeilge.[2] Is fada dánta dá chuid ar chúrsaí scoile agus ollscoile, agus is iomaí sin alt agus leabhar atá scríofa ar a chuid dánta.

Infotaula de personaMáirtín Ó Direáin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Samhain 1910
Inis Mór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Márta 1988
77 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Máirtín Ó Direáin
Cill Rónáin ar Inis Mór

Cé gur mar fhile is fearr aithne ar an Árannach, chleacht sé prós chomh maith i gcaitheamh a shaoil, altanna a bhformhór, a foilsíodh in irisí agus nuachtáin mar An Stoc, Ar Aghaidh, Scéala Éireann, Feasta agus araile.[3]

Árainn, 1899

Saol cuir in eagar

In Árainn a tógadh Máirtín Ó Direáin. Rugadh i bhFearann a' Choirce[4] ar Inis Mór é nó Sruthán, Cill Rónáin[5] ar 26 Samhain 1910. Ba iad Seán Ó Direáin agus Mairéad Ní Dhireáin a thuismitheoirí. Bhí Mairéad pósta ar Labhrás Mac Confhaola ach bádh é go gairid tar éis a bpósta. Bhí deich mbliana caite aici in Dorchester, Boston, roimhe sin. Bhí sí ar feadh trí bliana i Meiriceá arís sular phós sí Seán Ó Direáin: bhí ceathrar clann acu agus ba é Máirtín an duine ba shine.[5]

 
Ard-Oifig an Phoist ar shráid Eglington

D’fhág bás an athar sa bhliain 1917 gur bhuachaill goilliúnach a bhí in Máirtín agus nach dtéadh sé a iascaireacht ná a bhádóireacht ná a chreachadh nead na n-éan ar nós bhuachaillí eile an oileáin. Sa dán ‘Óige an Fhile’ tugann sé ‘an buachaill aisteach ciúin’ air féin.[5]

D’fhág an Direánach an scoil in Árainn nuair a bhí sé 14 bliana d’aois Bhí sé i gceist tamall go rachadh sé le sagartacht ach chuir fliú mór 1924 isteach ar an bplean.

Nuair a bhí Ó Direáin seacht mbliana déag d’aois, tháinig sé anoir as Árainn go cathair na Gaillimhe, Bhog sé as Árainn go Gaillimh i 1928 ar mhaithe le post a ghlacadh mar chléireach in Oifig an Phoist. Bhí poist curtha ar leataobh in Ard-Oifig an Phoist ar shráid Eglington do ‘stócaigh as an bhFíor-Ghaeltacht’.

Ba ar Bhóthar na gCeannaithe a chuir sé faoi idir Eanáir 1928 agus Iúil 1937. Cé go luann sé go raibh sé ‘caite i lár chultúr an Bhéarla’ i nGaillimh, ba a bhuí leis na hirisí Gaeilge a bhí ar fáil i leabharlann na cathrach a tháinig sé isteach ar léamh agus scríobh na Gaeilge.[6]

 
An Taibhdhearc

Ba bhall de Chonradh na Gaeilge é, agus chaith sé seal mar rúnaí air. Bhí se ina aisteoir in amharclann náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, ó 1928 go 1937.[7] D’ionchollaigh an Direánach na nithe is mó a spreag Synge: an Ghaeilge, Oileáin Árann, agus an traidisiún béil. "Aithníodh cheana an ról a bhí ag luath-thréimhse na Taibhdheirce i saol an Direánaigh, gur spreag sí a shuim sa litríocht, ach tugtar suntas anseo do léiriú 1931 de Déirdre an Bhróin mar gur dóigh gurb é is túisce a thug deis don Direánach aithne a chur ar shaothar Synge, más trí aistriúchán Uí Bhriain féin é.[8]

Ar deoraíocht cuir in eagar

Fuair an Direánach post mar oifigeach cléireachais sa státseirbhís i 1937.[9][10] agus d’aistrigh go Baile Átha Cliath agus go dtí Roinn na nInnealtóirí i Sráid Mhór na gCaorach. Chaith sé blianta an chogaidh i Rannóg na Cinsireachta sa Roinn Poist: ‘na cúig bliana is seisce dár chaith mé riamh’.[5] Chaith sé trí bliana ansin i mBrainse an Ghairmoideachais i dTeach an Talbóidigh. Ó 1948 go 1955, bhí sé ina chláraitheoir do Choláiste Náisiúnta na nEalaíon. anin. Chaith sé seal ansin i rannóg an Mheánoideachais gur éirigh as obair i 1978.

Bhí baint aige le Cumann na Scríbhneoirí ó thús ann.

Bhí sé pósta le Áine Colivet ó 1945 agus bhí iníon amháin acu, darbh ainmn Niamh.

Is minic a thrácht sé ar na meáin ar bhéasa is ar áilleacht oileán Árann is ar an meath a tháinig ar an saol traidisiúnta sin i mblianta deireanacha an fichiú haois.

 
Ba bhall d'Aosdána é.

Bás agus tionchar cuir in eagar

Ba ar an 19 Márta 1988 a cailleadh Máirtín Ó Direáin i mBaile Átha Cliath.

 
An Charraig Stoite - Clár ó TG4

Rinneadh clár faisnéise faoina shaol is a shaothar An Charraig Stoite sa bhliain 2003 maoinithe ag TG4/Bord Scannán na hÉireann, scríofa ag Alan Titley agus leirithe is stiúrtha ag Mac Dara Ó Curraidhín.

Saothar cuir in eagar

Bhí an Direánach sna fichidí deireanacha sular scríobh sé a chéad dán.[11] Ach chuir sé tús le ré nua filíochta sa Ghaellge nuair a foilsíodh an chéad dán óna pheann, ‘Réalt na hOíche’, ar Scéala Éireann i mí na Nollag 1938.[12] "Seachas dul i muinín na meadarachtaí cumadóireachta traidisiúnta, rinne sé rogha den tsaorvéarsaíocht, agus bhí ar dhuine den triúr, i dteannta Mháire Mhac an tSaoi agus Sheáin Uí Ríordáin, a thug ann do nuafhilíocht na Gaeilge."[6]

D´fhoilsigh sé a chéad chnuasach filíochta, Coinnle Geala, i 1942. Ach ba ar a chostas féin a d’fhoilsigh sé a chéad dá chnuasach Coinnle Geala, agus Dánta Aniar (1943), agus ba bheag aird a fuair siad ó lucht critice dáiríre. Cuireadh níos mó spéise sa tríú cnuasach leis, Rogha Dánta (1949). Ghnóthaigh sé tuilleadh aitheantais de réir a chéile ina dhiaidh sin. "Bhí stíl dá chuid féin ag an Direánach, ‘stíl choigilteach nach dual di a bheith fiontrach, stíl nár mhiste clasaiceach a thabhairt uirthi,' a scríobh Eoghan Ó hAnluain.[13]

Bhuaigh an Direánach mórán duaiseanna liteartha níos déanaí. Bhain sé cáil idirnáisiúnta amach níos deireanaí ina shaol – bronnadh an Duais Butler air ón Institiúid Ghael-Mheiriceánach sa bhliain 1967. Bhain sé an Ossian-Preis amach ó Fhondúireacht Freiherr Von Stein, Hamburg sa bhliain 1977.[6] Ba bhall d'Aosdána é.

Lean sé air ag cumadh filíochta anuas go dtí na hochtóidí.

Cnuasaigh Filíochta cuir in eagar

Prós cuir in eagar

Scríobh sé cnuasach gearrscéalta freisin, Feamainn Bhealtaine, a chuir a shaothar in aithne dos na mílte dalta scoile.

I 1952 d'aistrigh sé dráma leis an drámadóir Éireannach Teresa Deevy le haghaidh Radio Eireann ón leagan Béarla The King of Spain's Daughter don leagan Gaeilge Iníon Rí na Spáinne.

Bibleagrafaíocht cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ó Direáin, Máirtín | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  2. 2.0 2.1 Pól Ó Muirí (2019). "Rogha dánta le Máirtín Ó Direáin – lón léitheoireachta ó fhile nach raibh riamh faiseanta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  3. 3.0 3.1 "An Chuid Eile Díom Féin, Aistí le Máirtín Ó Direáin | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-08. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  4. teg.ie. "Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG)". Dáta rochtana: 2021.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 "Ó DIREÁIN, Máirtín (1910–1988)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  6. 6.0 6.1 6.2 Síobhra Aiken (2017). "Ábhar a bhaineann le Máirtín Ó Direáin á lorg ón bpobal do thaispeántas nua faoi ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  7. mheall an tOllamh Liam Ó Briain isteach sa Taibhdhearc é nuair a cuireadh an amharclann ar an bhfód an chéad lá. Bhí páirt aige sa gcéad léiriú de ‘Diarmaid agus Gráinne’, an lá úd ar thug Sean-Phádraic Ó Conaire iarraidh ar óráid a thabhairt ón stáitse díreach roimh an dráma. Ba mhór an taitneamh a bhain sé as an dráma ‘Deirdre an Bhróin’ freisin, a léiríodh i 1931 agus inar ghlac sé páirt Naoise, cé gur éirigh sé as an Taibhdhearc
  8. Deirdre Ní Chonghaile (2019-11-05). "Urraim agus uafás ionchollaithe: Ómós do John Millington Synge le Máirtín Ó Direáin" (as ga). COMHARTaighde (5). doi:10.18669/ct.2019.01. ISSN 2009-8626. 
  9. 47 Sráid Harrington Baile Átha Cliath 8 Éire Teil: +3531 675 1922. "An Direánach i mBliain na Gaeilge" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  10. Kevin Hickey. "Máirtín Ó Direáin, Treasa Ní Mhiolláin agus oíche amhránaíochta i mBaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  11. Tá roinnt dánta lena bheirt deartháireacha, Seán agus Tomás Ó Direáin, i gcló inti freisin; beirt a bhí ag déanamh dánta le dornán beag blianta sula bhfuair Máirtín óna mhisneach féin dul i mbun na filíochta.
  12. ‘Cuireadh tús le ré nua i nuafhilíocht na Gaeilge nuair a d’fhoilsigh Máirtín Ó Direáin an dán seo a leanas, “Réalt na hOíche”, in Scéala Éireann ar an tríú lá fichead de Mhí na Nollag, 1938’ (Mícheál Mac Craith in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: Staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993).
  13. 13.0 13.1 "Béasa an Túir | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-09. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  14. "Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939-1979 | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-16. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  15. "Máirtín Ó Direáin Selected Poems Rogha Dánta | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-06. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  16. "Feamainn Bhealtaine | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-09. Dáta rochtana: 2021-03-19.
  17. "Máirtín Ó Direáinː na Dánta | Ó Direáin, Máirtín; Ó Flaithearta, Sean; Ó hAnluain, Eoghan | download". 1lib.us. Dáta rochtana: 2021-03-19.[nasc briste go buan]