Is éard atá i gceist le máisiúnachas (freemasonry) ná eagraíocht shóisialta a tháinig ar an saol sna 17ú agus 18ú haoiseanna ar an laghad. Bhí an Eaglais Chaitliceach Rómhánach ariamh ina choinne.

Bosca Sonraí EagraíochtaMáisiúnachas
(en) Freemasonry Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómóssaoirse agus saoirseacht chloiche Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgrúpa sóisialta
fraternal organization (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1717
Le cuid
suaitheantas
An Goose agus Gridiron, mar ar bunaíodh an chéad lóiste Máisiúnach

Stair cuir in eagar

 
Bóthar Glenogle, Dún Éideann

Bunaíodh an máisiúnachas i Sasana sa bhliain 1717 nuair a tháinig scata fear le chéile sa teach ósta Goose and Gridiron i Londain. Chuir siad an chéad Lóiste Mór ar bun.

Gearmáin na Naitsithe cuir in eagar

 
Josephine Baker; ghlac sé ballraíocht sa chraobh Nouvelle Jérusalem

Scríobh Hitler nach raibh sna Máisiúin ach balbháin de chuid na comhcheilge Giúdaí, agus go raibh siad ag scaipeadh síochánachais a bhí ag cur fearúlacht agus cogúlacht an fhir Ghearmánaigh ó mhaith.[1]

Ar an 8 Eanáir 1934 sa Ghearmáin, cuireadh cosc leis an máisiúnachas ar fad. Choigistigh Roinn Gnóthaí Inmheánacha na Gearmáine maoin agus fáltas na gcraobhacha máisiúnacha. Aon duine a bhí ina mháisiún nuair a shealbhaigh Hitler an chumhacht sa Ghearmáin, ní raibh cead aige ballraíocht a lorg i bpáirtí na Naitsithe ná oifig phoiblí a shealbhú.

Dhearc an páirtí ar na máisiúin mar naimhde ar chúiseanna idé-eolaíochta. Dá bharr sin, bhí ar na máisiúin sna campaí géibhinn níos déanaí triantán dearg a chaitheamh lena stádas mar chimí polaitiúla a thaispeáint don tsaol ina dtimpeall.

Is deacair a rá, cé mhéad máisiún a maraíodh sna campaí géibhinn. Creidtear go bhfuil an figiúr ceart suite idir ochtó míle agus dhá chéad míle.[2][3]

 
Masonic Hall, bóthar Hamilton, Beannchar, An Dún

In Éirinn cuir in eagar

Ceaptar gur bunaíodh an chéad Lóiste Mór in Éirinn sa bhliain 1725. Is é an Lóiste Mór Éireannach an dara ceann ar domhan dár bunaíodh agus is é an ceann is sine dá maireann inniu. Tá ceanncheathrú an Lóiste i Halla na Máisiún, Sráid Theach Laighean.

Láithreán gréasáin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Freemasonry under the Nazi Regime" (en). encyclopedia.ushmm.org. Dáta rochtana: 2021-01-08.
  2. "Freemasonry" (en). encyclopedia.ushmm.org. Dáta rochtana: 2021-01-08.
  3. "Bernard Fay". www.masonicinfo.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-26. Dáta rochtana: 2021-01-08.