Is éard atá i gceist leis an méisiméireacht nó an t-athshondas ceimiceach ná struchtúr móilíneach nach féidir cur síos a dhéanamh air de réir na bhfoirmlí comhghnásacha ceimiceacha. Sampla tipiciúil í an bheinséin. Tá fáinne sé adamh carbóin sa bheinséin, agus adamh amháin hidrigine nasctha de gach ceann de na hadaimh charbóin seo. De réir na ngnáthfhoirmle, ba chóir go mbeadh naisc shingil agus naisc dhúbailte ag teacht i ndiaidh a chéile san fháinne beinséine, ach le fírinne ní féidir difríochtaí den chineál sin a aithint idir na naisc. Ina áit sin, tá sé fhiúsleictreon de chuid na n-adamh san fháinne dílogánaithe mar a deirtear — is é sin tá siad spréite ar fud an fháinne, agus ní féidir a rá go mbainfeadh aon cheann acu le haon adamh carbóin ar leith san fháinne.

Dhá struchtúr méisiméireacha na dé-ocsaíde nítrigine. Tabhair faoi deara go bhfuil an fíorstruchtúr idir eatarthu.

Is gnách cur síos a thabhairt ar struchtúr an mhóilín mhéisiméirigh trí na "foirmeacha canónda" a thabhairt, is é sin, na leaganacha teoiriciúla den struchtúr, agus an tsaighead dhúbailte eatarthu: .

Tá sé tábhachtach an mhéisiméireacht a choinneáil scartha ón tátaiméireacht. Sa tátaiméireacht tá cothromaíocht cheimiceach idir na tátaiméirí éagsúla, agus iad ag iompú gona chéile gan stad gan staonadh, ach is féidir a aithint go bhfuil siad ann - mar shampla má imoibríonn an chomhdhúil thátaiméireach le dúil nó comhdhúil éigin eile, aithneofar na tátaiméirí ar thorthaí an imoibriúcháin. Sa mhéisiméireacht níl ach aon struchtúr amháin ag an móilín, agus más ea nach féidir linn cur síos a thabhairt ar an struchtúr lenár gcuid foirmlí, is ar na foirmlí sin atá an locht.