Crios den atmaisféar timpeall 50-80 km suas díreach os cionn an stratastad (atá ag barr an strataisféir), agus díreach faoi bhun an mhéiseastad (atá faoin teirmisféar). Is iad na hairíonna sainiúla ann ná an teocht ag titim go géar le hairde, ó 0 °C go dtí -100 °C, agus an brú an-íseal ann, ó timpeall 0.1 milleabar ag 50 km síos go dtí 0.01 milleabar ag 80 km.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Méisisféar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 449.