Mícheál Ó Siadhail

file Éireannach

Is fear léinn agus file Éireannach é Mícheál Ó Siadhail a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 12 Nollaig 1947. Scríobh sé an téacsleabhar tábhachtach Gaeilge úd Learning Irish, agus é bunaithe ar Ghaeilge Chonamara. Thairis sin, d’fhoilsigh sé an leabhar Modern Irish: Grammatical Structure and Dialectal Variation, tráchtas ceannródaíoch ar an nGaeilge a thugann léargas cuimsitheach ar struchtúr na gcanúintí go léir. I ndiaidh a sheal a chaitheamh i mbun taighde ar an nGaeilge, áfach, chuaigh sé le filíocht Béarla, rud a thabhaigh roinnt mhaith duaiseanna liteartha dó in imeacht na mblianta.

Infotaula de personaMícheál Ó Siadhail
Beathaisnéis
Breith12 Eanáir 1947
77 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Choill Chluana Gabhann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht, teangeolaíocht agus an Ghaeilge
Gairmfile, teangeolaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla, an Ghaeilge agus an tSeapáinis

Suíomh gréasáinosiadhail.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Micheal-OSiadhail-274344085937054 Instagram: osiadhailpoetry Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 1970 phós sé Bríd Ní Chearbhaill, arbh as Gaoth Dobhair, Gaeltacht Thír Chonaill, di. Chaith Bríd na blianta fada ina múinteoir i mBaile Átha Cliath, ach ansin b’éigean di éirí as nuair a buaileadh breoite le galar Parkinson í.