Staidéar ar fhachtóirí cothaithe taobh istigh den cholainn chun bealaí a aimsiú le galair a leigheas is an tsláinte a chosaint. Baineann sé le hanailís na gcothuithe féin, fiseolaíocht an díleáite, an ionsúite is na húsáide bithcheimicí. Bunaíonn na cleachtóirí a ndiagnóis ar thástálacha fiseolaíocha ar an gcolainn, agus tástálacha bithcheimiceacha, cosúil le meastacháin ar vitimíní is mianraí. I measc na gcóireálacha ar fhadhbanna mar seo, is féidir uireasa a cheartú le forábhair cothaithe, nó más ag cur le fadhbanna atá bianna ar leith, an cothú a mhodhnú chun iad a sheachaint.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Míochaine chothúcháin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 459.