Míochaine fhóiréinseach

Na réimsí ina bhforluíonn an dlí is cúrsaí míochaine. Tá dlíthe ann a rialaíonn soláthar drugaí i gcoitinne, soláthar drugaí andúile, soláthar fíochán daonna le haghaidh trasphlandaithe, stiúradh turgnamh ar ainmhithe is daoine, sláinte intinne, ceadúnais chun cleachtadh mar dhochtúir, fianaise ar ábhair sláinte is míochaine i gcásanna cúirte, agus a lán eile. Baineann dlímhíochaine le feidhmiú is míniú na ndlíthe seo agus iompar dochtúirí faoina réir. Tagann dlíphaiteolaíocht isteach sa scéal freisin le gortuithe, galair is cúiseanna báis a mhíniú i gcúirteanna is fiosrúcháin eile.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Míochaine fhóiréinseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 459.