Is éard atá sa míochaine spóirt ná cúram míochaine do lúthchleasaithe. Tagann seachaint is cúram gortuithe ar na fíocháin bhoga i gceist (mar shampla, straidhn is stróiceadh na loingeán), gortuithe de bharr forúsáide (cosúil le hathlasadh i dteannáin nó taobh leo mar thoradh ar ghluaiseachtaí athdhéanta), bristí i dtimpistí nó de bharr an iomarca struis ar chnámha, agus tráma don inchinn mar a tharlaíonn i ndornálaíocht agus sacar.

Baineann cuid mhaith de míochaine spóirt le hortaipéidic

Tagann bealaí athshlánaithe san áireamh freisin, agus staidéar ar na fachtóirí a fheabhsaíonn feidhmiú an lúthchleasaí (cosúil le cothú, traenáil, feidhmiú cardascamhógach, úsáid strus meicniúil agus síceolaíocht na coimhlinte). Ar mhí-ámharaí an tsaoil, tagann iarmhairtí is brath drugaí is ábhar coiscthe eile sa spórt gairmiúil isteach sa disciplín seo níos minice le himeacht na mblianta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Míochaine spóirt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 460.