Airí maighnéad, sruthanna ag rith i gcornaí is cáithníní luchtaithe ag guairneáil, a chinneann an chasmhóimint a fheidhmíonn floscdhlús, B, réimse maighnéadach ar an gcóras. Úsáidtear an tsiombail μ di, a thomhaistear san aonad A m2 (aimpéar·méadar cearnach), agus is ionann an t-aonad seo is J T-1 (giúl in aghaidh teisle). Is cainníocht veicteoireach í seo, a dtugtar móimint dhépholach mhaighnéadach uirthi freisin. Is í an chasmhóimint (torc) Γ = μ B sinθ, nuair is í θ an uillinn idir treo B is treo μ. Bíonn móimint mhaighnéadach ag cáithnín luchtaithe (cosúil le leictreoin is prótóin) atá ag guairneáil, agus iompraíonn sé mar a bheadh corna sruthiompartha ann. Bíonn móimint mhaighnéadach fiú ag neodrón, nach bhfuil lucht glan aige, mar go mbíonn sé comhdhéanta as foluchtanna atá ag guairneáil. Tagann móimintí maighnéadacha neodrón i bhfeidhm i dturgnaimh díraonta neodrón. Ar an dóigh chéanna, bíonn móimintí maighnéadacha ag núicléis adamhacha, agus tagann siad seo i bhfeidhm in athshondas núicléach maighnéadach. Mar an gcéanna, in adaimh áirithe ní chealaíonn móimintí maighnéadacha éagsúla na leictreon, a éiríonn óna gcuid guairní nó gluaisní timpeall an núicléis, a chéile. Mar sin, bíonn móimint mhaighnéadach ghlan ag a leithéid d'adamh, agus is é seo bunús na n-airíonna maighnéadacha ábhar toirtiúil, paramaighnéadas is fearómaighnéadas. I gcás maighnéid a chuirtear i réimse maighnéadach, feidhmíonn fórsa an réimse chun iomláine na bhfomhóimintí uile, agus mar sin, poil an mhaighnéid, a ailíniú i dtreo an réimse. Is mar seo a oibríonn compás. Luainíonn cáithníní luchtaithe atá ag guairneáil taobh istigh den ábhar, agus iad suite i réimse maighnéadach, sa treo chéanna le treo a nguairneála (arb ionann é agus treo a móimintí maighnéadacha). Bíonn an luainíocht seo thart ar threo an réimse sheachtraigh.[1]

Bosca Sonraí Méid FisiciúilMóimint mhaighnéadach
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Móimint mhaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 465.