Músaem ealaíne i mbuirg Brooklyn i gCathair Nua-Eabhrac is ea Músaem Brooklyn. Is é an 3ú músaem is mó i gCathair Nua-Eabhrac agus 1.5 milliún mír á chaomhnú in 560,000 troighe cearnacha (52,000 méadar cearnacha) de spás. Tá Músaem Brooklyn suite ag 200 Eastern Parkway, i lár thuaidh Brooklyn. Bunaíodh é sa bhliain 1895 i bhfoirgneamh nua-chlasaiceach a dhear an comhlacht ailtirí McKim, Mead & White. Sa bhliain 1897 a osclaíodh na doirse. An cuspóir a bhí ag lucht bunaithe an mhúsaeim ná an músaem ba mhó ar Domhan a bheith acu. Tugann leathmhilliún duine cuairt ar an Músaem gach bliain anois.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Músaem Brooklyn
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Brooklyn Museum
Sonraí
CineálDánlann
Cuid deNew York Art Resources Consortium (en) Aistrigh
AiltireMcKim, Mead and White
Foirgníocht1897 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1895 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Stíl ailtireachtaBeaux-Arts
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBrooklyn, New York
Suíomh200 Eastern Parkway, Brooklyn, NY 11238
Map
 40°40′17″N 73°57′50″W / 40.671306°N 73.96375°W / 40.671306; -73.96375
Liostaithe sa National Register of Historic Places
CineálNRHP building
Am22 Lúnasa 1977
Aitheantóir77000944
New York City Landmark
Am15 Márta 1966
Aitheantóir0155
Gníomhaíocht
Cuairteoirí in aghaidh na bliana500,000
Suíomh gréasáin oifigiúilbrooklynmuseum.org
Facebook: brooklynmuseum Twitter: brooklynmuseum Instagram: brooklynmuseum LinkedIn: brooklyn-museum TikTok: brooklynmuseum GitHub: brooklynmuseum Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an músaem suite trasna Eastern Parkway ó Prospect Heights, agus idir Park Slope agus Crown Heights. Tá Luibhghairdín Brooklyn taobh leis, agus iad araon in éineacht le Leabharlann Lárnach Bhrooklyn, Grand Army Plaza agus Prospect Park in aon cheantar mór nádúrtha/cultúrtha amháin. Ar feadh i bhfad ba doiligh le lucht riartha agus stiúrtha an mhúsaeim an foirgneamh agus an bailiúchán a choimeád iomlán. Tháinig rath air go déanach san 20ú haois, áfach, agus rinneadh athchóiriú ar ghnéithe éagsúla den mhúsaem.

Ar chodanna suntasacha an bhailiúchán tá seaniarsmaí, go mór mhór an bailiúchán Sean-Éigipteach a bhfuil míreanna ann as réimse 3,000 bliain. Tá a lán samplaí d'ealaín na hAfraice, ealaín ón Aigéine, ealaín na Seapáine, agus ealaín agus éadaí Bhundúchasaigh Mheiriceá ann chomh maith. Tá bailiúchán láidir Meiriceánach a thosnaíonn leis an dtréimhse Choilíneach. Ar ealaíontóirí a bhfuil saothar leo sa mhúsaem tá Mark Rothko, Edward Hopper, Norman Rockwell, Winslow Homer, Edgar Degas, Georgia O'Keeffe, and Max Weber. Tá dealbhghairdín cuimhneacháin ann freisin ina bhfuil píosaí ailtireachta a tarrtháladh ar fud Chathair Nua-Eabhrac.

Cúirt lárnach Mhúsaem Brooklyn

Naisc sheachtracha cuir in eagar