Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby

Institiúid chultúrtha is ea Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby agus é suite in Derby, sa Ríocht Aontaithe. Bunaíodh Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby sa bhliain 1879, in éineacht le Leabharlann Lárnach Derby, i bhfoirgneamh nua arna dhearadh ag Richard Knill Freeman agus arna bhronnadh ar chathair Derby ag Michael Thomas Bass. I measc rudaí eile i mbailiúchán an mhúsaeim, tá gailearaí iomlán tugtha do phéintéireachtaí le Joseph Wright, arbh as Derby é. Tá le feiceáil ann freisin taispeántas mór earraí de chuid Royal Crown Derby agus de phoirceallán eile as ceantar Derby. Rannóga earraí eile sa mhúsaem ná an tseandálaíocht, an stair aiceanta, an gheolaíocht, agus an saol míleata. Osclaíodh an Gailearaí Ealaíne sa bhliain 1882.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Derby Museum and Art Gallery
Sonraí
CineálDánlann, iarsmalann mhíleata, músaem áitiúil agus músaem neamhspleách
Cuid deDerby Museums (en) Aistrigh
AiltireRichard Knill Freeman
Foirgníocht1879 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinCathair Derby, England
SuíomhThe Strand
Map
 52°55′23″N 1°28′48″W / 52.92292°N 1.48003°W / 52.92292; -1.48003
Foirgneamh liostaithe Ghrád II
Am24 Feabhra 1977
Aitheantóir1279006
Gníomhaíocht
ÚinéirComhairle Cathrach Derby
Suíomh gréasáin oifigiúilderbymuseums.org…
An chéad fhoirgneamh de chuid an Mhúsaeim, deartha ag Ricardo Knill Freeman. Úsáidtear an chuid is mó de inniu i gcomhar Leabharlann Derby.

Naisc sheachtracha cuir in eagar