Gluaiseacht saoirse náisiúnta Giúdach ab ea na Macabaeigh (Eabhrais: מכבים‎ or מקבים, MakabimMaqabim; Gréigis: Μακκαβαῖοι, /makav'εï/) a chuir cogadh ar an rí Seiliúcach Aintíochas IV Eipeafáinéas agus a bhain neamhspleáchas amach d'Iosrael roimh am Chríost. Chuir na Macabaeigh an ríshliocht Hasmónach ar bhun agus bhí neamhspleáchas ag na Giúdaigh in Iosrael ó 164 roimh Chríost go 63 roimh Chríost. Bhí cáil orthu mar gheall ar an gcogadh eadarnaíoch a chleacht siad in aghaidh airm Aintíochas.

Sa bhliain 63 RC ghabh an taoiseach Rómhánach Poimpéas Iarúsailéim agus chuir sé an ríocht faoi smacht na Róimhe. Lean an ríshliocht Hasmónach ar aghaidh áfach, go dtí 37 roimh Chríost nuair a rinneadh rí de Iarúsailéim den Iodúiméach Héaród Mór.

Ceiliúreann na Giúdaigh Hanukkah i gcomóradh ar bhua na Macabaech ar na Seiliúcaigh agus roinnt míoriúltaí eile, chuile bhliain.