Fótagrafaíocht réad beag nó mionphointí le gnáthcheamara nó ceamara le lionsa speisialta, ní hionann is fótaimicreagrafaíocht, ina mbíonn formhéadú dhá chéim le réadlionsa is lionsa súilphíosa roimh fheidhmiú an cheamara. Sa mhacrafótagrafaíocht déantar íomhánna den chuid is mó ar scannán atá ar thomhas nádúrtha nó níos mó fós. Táirgtear íomhánna níos lú le fótagrafaíocht garamhairc, ach sa dá chás fócasaítear an lionsa an-ghar don ábhar.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Macrafótagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 428.