Gobadh amach fíocháin óna ghnáthionad trí oscailt chóngarach nó spás idir fíocháin. Samplaí is ea maidhm seicne bléine, maidhm seicne fhéimearach, agus maidhm seicne imleacánach, ina ngobann fíochán ón mbolg (an stéig, mar shampla) trí ionaid laga i mballa an bhoilg. Tagann na maidhmeanna seicne seo amach mar mhaiseanna ag gobadh amach sa bhléin, os cionn na leise uachtaraí, nó ag an imleacán faoi seach. Bíonn maidhmeanna imleacánacha coitianta go leor i measc leanaí, agus réitíonn siad taobh istigh de bhliain nó dhó. Is féidir go mbeidh amhras faoin soláthar fola don mhaidhm seicne agus go bhfaighidh an chuid sin fíocháin (fad éigin stéige, mar shampla) bás, rud a bheidh an-bhaolach do dhuine, agus is gá obráid phráinneach a dhéanamh i gcás mar sin. Tarlaíonn maidhmeanna seicne inmheánacha, mar shampla, i maidhm seicne hiatais nuair a ghobann cuid den ghoile isteach i gcuid íochtarach an chliabhraigh trí oscailt sa scairt.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarMaidhm seicne
cuir in eagar
Cineálgalar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighismáinliacht ghinearálta Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10K40, K41, K42, K43, K44, K45 agus K46 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9550, 551, 552 agus 553 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0215230 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000960 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine775630 agus 932680 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD006547 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0019326 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Maidhm seicne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 431.