Maigh Nuad

baile i gContae Chill Dara

Is baile i gCill Dara in oirthear na hÉireann í Maigh Nuad.[1] Bunaíodh an baile san 18ú haois, ach ainmíodh é ó rí a bhí in Éirinn sa tréimhse réamh-Chríostaí darbh ainm Mogh Nuadhat. Bhí eaglaisí Críostaí sa dúiche ach níor tháinig ann don bhaile go dtí tamall fada ina dhiaidh sin. Bhí caisleán ag na Gearaltaigh i Maigh Nuad ón 12ú haois agus chuir siad coláiste, Coláiste Mhuire, ar bun i 1518, ach dúnadh é sin nuair a tháinig an an tAthleasú Creidimh agus ionradh na dTúdor ar Éirinn. Ba iad Gearaltaigh Chill Dara an chlann Normannach ba chumhachtaí in Éirinn, agus nuair nach raibh ríthe Shasana in ann iad a chur faoi smacht, thug siad ceannas dóibh ar an tír.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMaigh Nuad

Príomhshráid, Maigh Nuad Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°23′06″N 6°35′37″W / 53.385°N 6.5936°W / 53.385; -6.5936
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Dara Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde48 m Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1416489
Suíomh gréasáinmaynooth.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

 
Foirgneamh Eolas, Ollscoil Mhá Nuad
 
Coláiste Phádraig, Má Nuad

Bunaíodh cliarscoil i Maigh Nuad sa bhliain 1795 chun fir óga a oiliúint mar shagairt Chaitliceacha. Go dtí sin bhí orthu dul thar lear agus ba léir do na húdaráis go raibh tionchar frith-Shasanach ag an oideachas a fuair siad sa Spáinn agus sa bhFrainc orthu féin agus ar na tuataigh. Chruthaigh Réabhlóid na Fraince deacrachtaí don Eaglais in Éirinn mar gur dúnadh cliarscoileanna agus coláistí Caitliceacha ina dhiaidh. Tugadh postanna do scoláirí Francacha sa choláiste nua. D'fhás an coláiste seo go mear agus meastar gur oileadh os cionn 11,000 sagart ann idir a bhunú agus an lá inniu. Bhíodh idir 500 agus 600 mac léinn ag freastal air de ghnáth. Tugadh aitheantas do Choláiste Mhaigh Nuad mar choláiste ollscoile in Ollscoil na hÉireann sa bhliain 1910, rud a leathnaigh an réimse ábhar a múineadh ann. I 1966 tugadh cead do mhic léinn tuata clárú sa choláiste agus d'fhás a líon go dtí níos mó ná 5,000.

Feidhmíonn Maigh Nuad anois mar bhaile suain do mhórchathair Bhaile Átha Cliath agus tá an-chuid tithe tógtha timpeall air.

Oideachas cuir in eagar

Tá dhá ollscoil suite i Maigh Nuad - Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus Coláiste Phádraig, Má Nuad.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar