Maol Dúin mac Aodha Alláin

rí in Éirinn sa 8ú haois

Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Maol Dúin mac Aodha Alláinn (Sean-Ghaeilge Máel Dúin mac Áedo Alláin) (bás 788). Áed Allán (bás 743), Ardrí Éireann, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón 770 go dtí 788.

Infotaula de personaMaol Dúin mac Aodha Alláin
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás788
Teaghlach
PáisteMurchadh mac Maoil Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodh Allán

D'éirigh a uncail, Ardrí Niall Frasach (bás 778), as a choróin sa bhliain 770 nó 772, agus rinneadh ansin rí Ailigh de Mhaol Dúin.[2][3] Insítear sna hannála go ndearna an tArdrí nua, Donnchadh na Mí (bás 797) de Chlann Cholmáin, Uí Néill an Deiscirt, feachtais sa tuaisceart sna blianta 771 agus 772 chun a údarás a dheimhniú.[4][5] Tá taifead fosta ar dhúnmharú Chonchúir, uncail Maoil Dúin, sa bhliain 772.[6]

Le linn réimeas Donnchadha na Mí, bhí Cineál iomaíochta Chonaill i gceannas sa tuaisceart. Tugtar an teideal rí an Fhocla ([rex] ind Fhoclai) do Dhomhnall mac Aodha Mhuindeirg (bás 804). Sa bhliain 787 ámh, chloígh Maol Dúin Domhnall agus Cineál Chonaill agus tháinig chun cinn sa tuaisceart.[7][8][9] Ina thásc don bhliain 788, tugtar an teideal rí an Fhocla dó.[10]

Tháinig i gcomharbacht air a chol ceathrar Aodha Oirdní (bás 819), a d'éirigh ina Ardrí sa bhliain 797. Rinneadh rí Ailigh fosta dá mhac Murchadh (bás 823).

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, Volume One, Oxford: Oxford University Press

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charles-Edwards, Appendix V
  2. Byrne, lch. 156
  3. Charles-Edwards, lch. 577
  4. Annála Uladh, AU 771.10, 772.3
  5. Charles-Edwards, lch. 577
  6. AU 772.2
  7. AU 787.3
  8. Byrne, A New History of Ireland, lch. 657
  9. Mac Niocaill, lch. 143
  10. AU 788.1