Maol Fithrigh mac Aodha

rí in Éirinn sa 7ú haois

Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Maol Fithrigh mac Aodha (Sean-Ghaeilge Máel Fithrich[1] mac Áedo) (bás 630). Áed Uaridnach (bás 612), Ardrí Éireann, ba ea a athair.[2] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 628 go dtí 630.[3]

Infotaula de personaMaol Fithrigh mac Aodha
Beathaisnéis
Bás633
Teaghlach
PáisteMaol Dúin mac Maoil Fhithrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodh Fuariodhnach

Ba bhall é Maol Fithrigh de Chineál Mhic Earca, a bhíodh i gceannas i ríogacht Ailigh go dtí a réamhtheachtaí, Suibhne Meann (bás 628) de Chineál Fhearadhaigh. Sa bhliain 630, tharla Cath Leitheirbe eatarthu agus maraíodh Maol Fithrigh ag tríd in éadan deartháir Shuibne, Earnaine mac Fiachna (bás 638).[4] Bhí Cineál Fhearadhaigh ansin i gceannas le linn an chuid eile 7ú haois.

Rinneadh rí Ailigh fosta dá mhac, Maol Dúin (bás 681).

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. fithrech, duileasc, feamainn inite; crann(?), ar eDIL
  2. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
  3. Tugtar réimeas dhá bhliain dó i Sioncronachtaí Laud.
  4. Annála Uladh, AU 630.1