Is spórt an-choitianta é marcaíocht. De réir foinsí, tá 58 mhilliúin chapaill ar fud an domhain.[1] Tá go leor pórtha éagsúla agus go leor úsáidí dóibh, is marcaíocht an ceann is coitianta sa lá atá inniu ann. Tá a lán gnéithe comórtas a bhaineann le marcaíocht. Is iad seo, rásaíocht, seóléimneach, cóiríocht agus trastíre. Tá cúpla stíl le haghaidh marcaíocht freisin, tá stíl Béarla agus stíl Iarthar. Chomh maith leis sin, úsáidtear iad le haghaidh caitheamh aimsire áisneas. Tá a lán marcaigh cáiliúla ón Éirinn agus freisin tá a lán capall cáiliúla ón Éirinn trí na blianta.

Eabhlóid an chapaill cuir in eagar

 
Eabhlóid an chapaill

Téann na capaill go stair 55 milliún bliain go dtí ainmhithe an beag, méid madra nó caoirigh. Glaodh ar sin Hyracotherium. Chomh maith leis na ainmhithe seo bhí an Orrohippus, an Mesohippus, an Miohippus, an Parahippus, agus an Meryhippus, seo é na ainmhithe go deireanach maidir leis an éabhlóid an capall. Tháinig na hainmhithe seo chun cinn ó dhíothacht dineasár. Chónaíonn an gaolta an chapall seo i Meiriceá thuaidh.[2] Tá na capaill a bheith ina ball de ghrúpa Perissodactyla. Seo é an ghrúpa ainmhithe le méar amháin leis an ainm crúb agus freisin tá cineál fiacla céanna. Ach cé go bhfuil cúpla crúb ag na Hyracotherium, ciallaíonn sé seo go raibh sinsearacht choiteann idir an capall agus taipíní agus srónbheannach.[3] Feicimid athrú mór le capall sa lá atá inniu ann agus na Hyracotherium. Is é na príomhathruithe ná ardú i méid, níos lú crúba, cosa níos faide, aghaidh níos faide agus an inchinn níos mó. Níorbh athrú na athrú seo thar oíche, athrú iad fada agus seasmhach. Tháinig capall nua-aimseartha forleathan sa lá atá inniu ann ar dtús in Áise timpeall 2 mhilliún blianta ó shin. Tá a lán pórú maidir leis an capall agus de réir an capall Przewalski, thosaigh thrí pórú ón Áise, na go leor pórú sa domhain inniu.[4]

Stair na marcaíochta cuir in eagar

 
Capaill agus cairteanna ag obair

Ní dáta cinnte chun a thosaigh marcaíocht. Thosaigh daoine ag baint úsáid as na capaill ó 6000 RC[5] le haghaidh obair. Ach tá fianaise gur cuireadh tús le marcaíocht ó 3500 BC[6] ach ní raibh siad róchinnte. Sa tréimhse meánaoiseach sa 5ú haois go dtí 15ú haois, úsáidtear capaill don tarraingt cairteacha agus sa chogaíocht. In amanna arsa úsáidtear na capaill i gcogaíocht charbad agus bhí na capaill ag tarraingt charbad don obair.

San am seo glacadh capaill páirt tábhachtach ar fud an domhain maidir leis iompar, talmhaíocht srl.[7] Feicimid líníochtaí ón an Meán Oirthear de na capaill ag tarraingt na charbaid.[8]Sa 800 BC tá a lán daoine ón Áise ag marcaíocht agus faigh siad amach go raibh na capaill go maith nuair a bhí tú i gcath mar tá na capaill níos tapa más gá duit ag éalú,[9] ní raibh siad gur foinsí maithe don ithe. Tá fianaise ón 5000 bliana ó shin don mharcaíocht nuair a d'fhéach siad ar iontaisí agus aimsíodh go raibh fiacla na capaill caite síos. Léiríonn sé seo go raibh beagán i mbéal na capaill. Is féidir gur mharcaigh siad na capaill roimhe sin gan beagán ina mbéal, ach níl an fianaise dó seo.

Gnéithe den mharcaíocht cuir in eagar

Rásaíocht capall cuir in eagar

 
Rás leis a lán capaill

rásaíocht capall ar cheann de na spórt lucht féachana is mó a bhfreastalaítear ar fud an domhain. Leanann sé siar go dtí 4500 BC nuair a bhí na gcapall ceansaithe.[10] Is é spórt a bhaineann le dhá chapaill nó níos mó agus iad ag rith. Sa lá atá inniu ann feicimid rásaíocht capall mar spóirt cearrbhachas ina raibh dleathach. San am don sean-ghréig, úsáideann siad rásaíocht charbad na capaill mar chaitheamh aimsire. Ach thosaigh na rásaíocht nua-aimseartha sa 12ú haois[11] agus nuair a rialaigh an bhanríon Anne sa bhliain 1702 go dtí bliain 1714, tháinig sé mar spóirt gairmiúil é. Níorbh fhada gur tugadh spórt do ríthe air. Is é King Charles an duine a chuir bronntanas don bhuachan an rás agus scríobh sé na rialacha freisin.[12] Tá traidisiúin éagsúla le rásaíocht i ngach tíre agus tá 3 gnéithe den rásaíocht capall sa rásaíocht nua-aimseartha. Seo iad, rásaíocht chothrom, rásaíocht léim, rásaíocht úim agus rásaíocht dochloíteacht. Is é rásaíocht chothrom[13] ná nuair a galfaidh an capall ar talamh cothrom idir dhá phointe. Is é rásaíocht léim[14] ná nuair a gallfaidh an capall agus caithfidh sé léim ar constaicí. Is rásaíocht úim[15] cosúil leis na rásaíocht charbad a ndéantar fadó agus bhí úim ar na capall agus é ag rith agus duine ag tiomáint an cairt. Is é rásaíocht dochloíteacht[16] nuair a dtaistealaíonn capall agus marcaigh achar fada.

 
Cnamharlach de Arkle
Arkle cuir in eagar

Is é Arkle an capall is cáiliúla in Éirinn.[17] Rugadh é i gContae na Mí sa bhliain 1957 agus fuair sé bás sa bhliain 1970. Ainmníodh é tar éis na gcnoc Arkle in Albain. Bhuaigh sé 27 rásaí amach as 35 rásaí ina shaol. Sa bhliain 1964 bhuaigh sé a chéad chorn óir i féile rásaí Cheltenham[18]. Tá cnámharlach Arkle ar thaispeáint sa Chomhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann i gContae Cill Dara.

Cheltenham cuir in eagar

Is é Féile Cheltenham an cáiliúla sa domhain rásaíocht. Tarlaíonn sé gach bliain i mí Mhárta i Sasana. Chuaigh a lán capall cáiliúla dul ann agus ghlac siad páirt sna rásaí éagsúla. Thosaigh na féile seo sa bhliain 1860 in áiteanna éagsúla agus ní go dtí an bhliain 1904 go dtarlaíonn sé i gcúrsa Cheltenham.[19]

Seóléimneach cuir in eagar

 
Seóléimneach - an duine leis an suíochán chun tosaigh.

Tháinig seóléimneach ón 20ú haois san Iodáil. San am seo cruthaítear na daoine Iodálach an bealach nua don mharcaíocht, an suíochán tosaigh nuair a bhí an capall ag léim. Cé nár shroich seóléimneach go dtí Meiriceá go dtí timpeall an bhliain 1917, nuair a shroich sé, thosaigh sé go tapa. San am seo, bhunaigh an chéad chomhlachas seóléimneach i Meiriceá darbh ainm sa lá atá inniu ná United States Equestrian Federation (USEF).[20] Tá dhá chineál den seóléimneach, léimneach agus sealgairí. Sa cineál léimneach, tá tú amaithe agus caithfidh tú timpeall sraith de léimneach gan aon rud a titim agus bhuaigh an duine leis an t-am is ísle agus gan pionóis. Ach sa sealgairí tá réiteoir ann agus tá sé ag breitheamh an mharcaigh agus an capall. Léimfidh siad suas go dtí ocht gclaíocha. Tugann an réiteoir dóibh scóir as a chéad agus bhuaigh an duine leis an scór is airde.[21]

 
Eric Lamaze agus Hickstead sa bhliain 2008
Hickstead cuir in eagar

Is é Hickstead[22] an capall níos cáiliúla sa domhan i seóléimneach. Rugadh Hickstead sa Bheilg sa bhliain 1996 agus fuair sé bás sa bhliain 2011. Bhuaigh sé a lán comórtas leis a mharcaigh, Eric Lamaze[23]. Tá fhios ag gach duine ar Eric ná an mharcaigh uimhir amháin na domhain. Bhuaigh an chapaill suas go dtí €4 milliúin leis an mharcaigh seo. Ghlac sé páirt sa a lán comórtais ar fud an domhain, ach an rud is thabhachtach ná an bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i Beijing sa bhliain 2008. Sa bhliain 2010 bhuaigh Hickstead an teideal 'Best Horse in the World' ag an comórtas 'World Equestrain Games' (WEG) i Meiriceá. Ar an 6ú lá de mhí Samhain 2011, fuair Hickstead bás tar éis comórtas san Iodáil. Bhí taom croí aige agus thit sé tar éis an bhabhta.[24]


Imeachtaí cuir in eagar

 
chapall agus a mharcaigh ag léim faoi léim trastíre

Is thríphasach é imeachtaí don mharcaíocht. Tá imeachtaí meascán de seóléimneach, cóiríocht, agus trastíre agus tá sé scaipthe ar thar ceithre lá. Uaireanta tá sé ar siúl ar lá amháin agus tá sé ar eolas mar imeacht lae.[25] Thosaigh an t-imeacht le cóiríocht don gcéad dá lá agus ag an thríú lá, tá seóléimneach ar siúl agus tá trastíre ar siúl ag an lá deireanach. Is é trastíre an aibhsigh. Tá gach duine ag tnúth air mar is triail é don inneach agus luas na capaill.[26] Roimh an chéad imeacht, chóiríocht, caithfear an capall a iniúchadh. Is é cóiríocht ná a dhéanann an capall sraith gluaiseachtaí, tapa agus mall, agus freisin nuair a dhéanann an capall gluaiseachtaí cosúil le damhsa. Tá na gluaiseachtaí marcáilte as 10 agus curtha suas.[27] Maidir le trastíre, is é an phás is thábhachtach sa chomórtas seo. Tástálann sé an t-inneach agus an cumas an capall agus freisin an mharcaigh. Tá an trastíre amaithe agus caithfidh tú gan pionós. Ag an lá deireanach, déanann iniúchadh arís chun a chinntiú go bhfuil do chapall ceart go leor tar éis na trastíre, agus tar éis sin thosaigh an seóléimneach. Tar éis na tríphasach bhuaigh an teaglaim do chapall agus an mharcaigh leis an pionós níos laghad agus an scór is airde.[28]


 
Badminton Horse Trials sa bhliain 2007
Badmintion Horse Trials cuir in eagar

Is comórtas é Badminton Horse Trials don imeachtaí agus tá sé ar siúl gach Samhradh i Gloucestershire, i Sasana. Tá sé ar siúl thar cúig lá agus tá cóiríocht, trastíre agus seóléimneach ar siúl. Reáchtáladh an chéad cheann i 1949 ag Duke of Beaufort. Ba é an dara ócáid a reáchtáladh i Sasana le hinspioráid óna Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 1948.[29] Ag an chéad chomórtas bhí dhá chapall is fiche amháin ag tosnú ach le blianta is déanaí tá beag nach céad capall ag tosnú. Sa bhliain 1953, tharla Badminton mar chraobh na hEorpa.[30]

Mary King cuir in eagar
 
Mary King agus Kings Temptress

Is mharcaigh imeachtaí cáiliúla í Mary King. Is as Sasana í agus rugadh í sa bhliain 1961. D'fhoghlaim sí conas marcaíocht nuair a bhí sí an óg.[31] Fhásann a ghrá do chapall léi agus d'éirigh thar barr léi ina gairm marcaíocht. Léiríonn sí an Sasanaigh sa sé Cluichí Oilimpeacha san imeachtaí agus a lán Chraobh Dhomhanda agus Chraobh na hEorpacha.[32] Tá go leor comórtas a bhuaite aici. Bhuaigh sí bonn airgid sa bhliain 2004 agus 2012 leis an fhoireann Shasanaigh sna Cluichí Oilimpeacha. Freisin bhuaigh sí bonn óir leis an fhoireann Shasanaigh sa bhliain 1994 agus 2010 ag World Equestrian Games i Meiriceá. Chomh maith leis sin bhuaigh sí leis a fhoireann cheithre bonn óir agus bonn cré-umha amháin sa Chraobh na hEorpacha. Bhuaigh sí féin Badminton Horse Trials sa bhliain 1992, agus bhuaigh sí an comórtas Bhriotáin oscailte ceithre huaire.[33] Bhuaigh sí a lán rudaí eile beagnach gach bliain ó shin go dtí 1984. Is iad Driver's Rock, Star Appeal agus Kings Temptress na capall is cáiliúla a mharcaigh í.

Póló cuir in eagar

Is spórt foirne mharcaigh é Póló[34]. Tháinig sé as an Áise ón 6ú haois BC. Ar dtús is cluichí traenáil é Póló don mharcra, de ghnáth garda an rí. D'imir sé le dhá fhoireann de cheathrar. Úsáideann siad ialtóga adhmaid chun an liathróid a bhogadh idir dhá chuaille.[35] Tugtar spórt na ríthe ar Póló. Tá a lán daoine ag imirt an spórt ar fud an domhain agus tá beagnach céad tíre ina bhall de an Federation of International Polo.[36] Is spórt gairmiúil é agus d'imir sé sna Cluichí Oilimpeacha ó 1900 go dtí 1936. Tá músaem tiomanta do Póló darbh ainm 'Museum of Polo and Hall of Fame'[37] i Florida.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Horsetalk.co.nz (2007-09-11). "World horse population estimated at 58 million" (en-US). Horsetalk.co.nz. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-27. Dáta rochtana: 2019-03-27.
  2. "A Little Big History of Horses" (en). Khan Academy. Dáta rochtana: 2019-03-28.[nasc briste go buan]
  3. "Evolution of the horse" (as en) (2019-03-20). Wikipedia. 
  4. "Przewalski's horse | wild horse subspecies" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-03-28.
  5. "A Quick Ride Through the History of Horseback Riding" (en-US). SportsAspire. Dáta rochtana: 2019-03-27.
  6. "A Quick Ride Through the History of Horseback Riding" (en-US). SportsAspire. Dáta rochtana: 2019-03-27.
  7. "Equestrianism" (as en) (2019-03-05). Wikipedia. 
  8. "A Little Big History of Horses" (en). Khan Academy. Dáta rochtana: 2019-03-28.[nasc briste go buan]
  9. Karen Carr (2017-06-20). "When did people start to ride horses?" (en-US). Quatr.us Study Guides. Dáta rochtana: 2019-03-27.
  10. "History of Horse Racing". www.winningponies.com. Dáta rochtana: 2019-03-28.
  11. "History of Horse Racing". www.winningponies.com. Dáta rochtana: 2019-03-28.
  12. "horse racing | History & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-03-28.
  13. "Flat racing" (as en) (2018-11-20). Wikipedia. 
  14. "Horse Racing and British Politics" . Horse Racing and British Society in the Long Eighteenth Century: 122–152. Boydell and Brewer Limited. 
  15. "Harness racing" (as en) (2019-03-16). Wikipedia. 
  16. "Endurance riding" (as en) (2018-12-16). Wikipedia. 
  17. "Arkle" (as en) (2018-09-07). Wikipedia. 
  18. "Cheltenham Festival" (as en) (2019-03-22). Wikipedia. 
  19. "Cheltenham Festival" (as en) (2019-03-22). Wikipedia. 
  20. "The History of...Show Jumping" (en). prezi.com. Dáta rochtana: 2019-03-29.
  21. "Show hunter" (as en) (2019-03-28). Wikipedia. 
  22. "Hickstead (horse)" (as en) (2018-11-01). Wikipedia. 
  23. "Eric Lamaze" (as en) (2018-09-20). Wikipedia. 
  24. Sarah Maslin Nir (2011-11-06). "Hickstead, Star Show-Jumping Horse, Dies During Competition" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2019-03-31.
  25. "Eventing" (as en) (2019-03-13). Wikipedia. 
  26. "About Eventing" (en). FEI (2012-03-19). Dáta rochtana: 2019-04-01.
  27. "About Eventing" (en). FEI (2012-03-19). Dáta rochtana: 2019-04-01.
  28. "About Eventing" (en). FEI (2012-03-19). Dáta rochtana: 2019-04-01.
  29. "Badminton Horse Trials" (as en) (2019-03-25). Wikipedia. 
  30. "Badminton Horse Trials | History" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-04-01.
  31. "Mary King" (en-US). Horse & Hound. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  32. "Mary King" (en-US). Horse & Hound. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  33. "Mary King (equestrian)" (as en) (2019-01-27). Wikipedia. 
  34. "Polo" (as en) (2019-04-01). Wikipedia. 
  35. "Polo | sport" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  36. "Federation of International Polo" (as en) (2019-03-26). Wikipedia. 
  37. "Hall of Fame | Polo Museum". www.polomuseum.com. Dáta rochtana: 2019-04-01.