Ba pholaiteoir agus ghinearál Rómhánach cáiliúil é Marcas Antaine (Laidin:Marcus Antonius) a d'imir ról ríthábhachtach i dtarfhoirmiú Phoblacht na Róimhe ó holagarcacht go dtí an Impireacht (uathlathach) Rómánach.

Infotaula de personaMarcas Antaine

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) M.Antonius M.f.M.n.
Beathaisnéis
Breith83 "RCh"
An Róimh (An tSean-Róimh)
Bás30 "RCh"
52/53 bliana d'aois
Cathair Alastair (Ríocht Tholamaeis)
Siocair bháisFéinmharú
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe
luach anaithnid – luach anaithnid
Consal Rómhánach
44 "RCh" – 44 "RCh"
In éineacht le: Iúil Caesar
Triumvir rei publicae constituendae (en) Aistrigh
43 "RCh" – 33 "RCh"
Consal Rómhánach
34 "RCh" – 34 "RCh"
In éineacht le: Lucius Scribonius Libo (en) Aistrigh
King consort (en) Aistrigh Ríocht Tholamaeis
32 "RCh" – 30 "RCh"
Magister equitum (en) Aistrigh
Próchonsal
Treabhann na bpleibeach
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir de chuid na Sean-Róimhe, saighdiúir in Arm na Sean-Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaLate Roman Republic (en) Aistrigh
TeangachaAn Laidin
Gairm mhíleata
GéillsinePoblacht na Róimhe
CoinbhleachtCath Aictiam, Battle of Pharsalus (en) Aistrigh, Battle of Philippi (en) Aistrigh agus Cogaí na nGallach
Ghlac sé/sí páirt i
banquet of Antony and Cleopatra (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileFadia , bás a c(h)éile
Cléópátra (32 "RCh"–30 "RCh"), bás
Octavia Óg (40 "RCh"–32 "RCh"), colscaradh
Fulvia (45 "RCh"–40 "RCh"), bás a c(h)éile
Antonia Hybrida Minor (50í "RCh"–46 "RCh"), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíVolumnia Cytheris
Glaphyra Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAntonia
 ( Antonia Hybrida Minor)
Alexander Helios
 ( Cléópátra)
Antonia Major
 ( Octavia Óg)
Antonia Minor
 ( Octavia Óg)
Cleopatra Selene II
 ( Cléópátra)
Marcus Antonius Antyllus
 ( Fulvia)
Iullus Antonius
 ( Fulvia)
Tolamaes Philadelphus
 ( Cléópátra) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMarcus Antonius (en) Aistrigh  agus Julia
SiblínAntonia, Gáias Antaine agus Lúicias Antaine

Bhí Marcus Antonius go mór i bhfách le Iúil Caesar, agus rinne sé seirbhís mar cheann amháin dá ghinearáil, le linn Chogadh na nGallach agus an cogaidh chathartha. Ceapadh Marcus Antomius ina riarthóir na hIodáile, le linn do Chaesar a chéile comhraic polaitiúla sa Ghréig, san Afraic Thuaidh agus san Spáinn a dhíothú. Tar éis gur maraíodh Caesar, sa bhliain 44 RC, chuaigh Marcus Antonius i bpáirt le fórsaí Mharcuis Aemilius Lepidus, ceann eile de ghinearáil Chaesair, agus Octavian, nia Chaesair agus a mhac uchtaithe, ag cur ar bun deachtóireacht thriúracht ar a dtugtar sa stair an Triúir-Fhlaitheas. Chloigh fórsaí an Thriúir-Fhlaithis dúnmharfóirí Chaesair, na Liberatores, ag Cath Filippi, sa bhliain 42 RC, agus roinneadar rialtas na Poblachta idir iad féin. Tugadh cúigí oirthearacha na Róimhe do MharcusaAntonius, lena n-áirítear cliant-ríocht na hÉigipte, A bhí ansin faoi riail Chléópátra VII Philopator, agus tugadh ceannasaíocht dó cogadh a fhearadh ar Pharthia.

An Mheánmhuir ársa sa bhliain 50 RC ag deireadh Chogaí na  nGallach, le críoch na Róimhe sa dath buí.

Luathshaol cuir in eagar

Comhalta den gens pleibeach Antonia, rugadh M. Antonius sa Róimh ar 14 Eanáir, 83 RC.[1][2] Ba é Marcus Antonius Creticus a athair agus a chomhainmneach, mac an oratóra leis an ainm céanna, a dúnmharaíodh le linn Ollsceimhle Mhairias, le linn an gheimhridh 87-86 RC.[3] Ba é Giulia Antonia a mháthair, col ceathrar i bhfad amach d'Iúil Caesar. Ba naíonán é M. Antonius tráth gur mháirseáil Lucius Cornelius Sulla ar an Róimh, sa bhliain 82 RC.[4]

 
Lucius, deartháir M. Antonius, ar bhoinn a eisíodh ag Eifeasas, le linn a chonsalachta, sa bhliain 41 RC

Dar leis an oratóir Rómhánach Marcus Tullius Cicero, bhí athair M. Antonius neamhinniúil agus éillitheach, agus níor tugadh cumhacht dó ach toisc nach raibh sé in ann í a úsáid nó a mhí-úsáid go héifeachtach.[5] Sa bhliain 74 RC tugadh ceannas míleata dó chun foghlaithe na Meánmhara a chosc, ach fuair sé bás sa Chréit sa bhliain 71 RC, gan dul chun cinn suntasach a dhéanamh.[3][5][6] D'fhág bás Antonius an seanóir, M. Antonius agus a dheartháireacha, Lucius agus Gaius, faoi chúram a máthair, Julia, a phós ina dhiaidh sin Publius Cornelius Lentulus Sura, baill ríthábhachtach de chuid na seanuaisleachta Paitríocha.[7] Bhí Lentulus, in ainneoin leas a bhaint as a rath polaitiúil le haghaidh ratha airgeadais, i bhfiacha i gcónaí mar gheall ar ainmheasarthacht a stíl mhaireachtála. Ba phearsa lárnach é sa Dara Comhcheilg Chaitilíneach agus cuireadh é chun báis go hachomair ag orduithe an Chonsail Cicearó sa bhliain 63 RC, de bharr a rannpháirtíocht.[7]Mar thoradh air ar a bhás, bhí easaontas géar idir M. Antonius agus an oratór cáiliúil.

Cogadh cathartha cuir in eagar

 
Bhí Cato Óg, ball de dhream na hOptimates, ar cheann de phríomh-ailtirí na bhforaitheanta, a spreag Caesar le cogadh sibhialta a thosnú.
 
Cath Pharsalus: cath cinntitheach Chogadh Sibhialta Chaesair. Bhí Marcus Antonius i gceannas ar sciathán clé d'arm Chaesair.

Nótaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Plutarch, Life of Antony 86.5.
  2. Suerbaum 1980, 327–34.
  3. 3.0 3.1 Huzar 1978, p. 14
  4. Goldsworthy, 2010, p. 39
  5. 5.0 5.1 Huzar 1978, p. 15
  6. Scullard 1980, p. 154
  7. 7.0 7.1 Huzar 1978, p. 17

Príomhfhoinsí cuir in eagar

Foinsí tánaisteacha cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar