Martin (cathair sa tSlóvaic)

Cathair sa tSlóvaic atá i Martin, nó Turčiansky Svätý Martin ("Naomh Máirtín chois Turiec"), mar a bhí ar an áit go dtí an bhliain 1950. Tugann na hUngáraigh Turócszentmárton ar an gcathair, agus is é Turz-Sankt-Martin an seanainm Gearmáinise. Bhí timpeall 60 míle duine ina gcónaí ansin sa bhliain 2006. Dearctar ar an áit mar lárionad tábhachtach cultúrtha, ós ansin a bunaíodh forais cosúil le Músaem Náisiúnta na Slóvaice agus Matica Slovenská ("An Mháthairthír Shlóvacach"), eagraíocht athbheochana na teanga, thiar sa naoú haois déag. Inniu féin, tá leabharlann náisiúnta na Slóvaice ag oibriú i Martin, chomh maith le ceanncheathrú Matica.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMartin
Martin (sk)
Turócszentmárton (hu) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósMairtín de Tours Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 49°03′49″N 18°55′17″E / 49.0636°N 18.9214°E / 49.0636; 18.9214
Stát ceannasachan tSlóvaic
Region of Slovakia (en) AistrighŽilina region (en) Aistrigh
District of Slovakia (en) AistrighMartin District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán52,520 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús775.43 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla67.73 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceTuriec Cuir in eagar ar Wikidata
Airde402 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1264
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisJán Danko Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist036 01 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód043 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmartin.sk Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Martin suite in iardheisceart na Slóvaice, 30 ciliméadar soir ó theas ó Žilina, 60 ciliméadar siar ó thuaidh ó Banská Bystrica, agus 230 ciliméadar soir ó thuaidh ón mBratasláiv, príomhchathair na Slóvaice. Ritheann an dá shliabhraon úd Veľká Fatra agus Malá Fatra in aice leis an gcathair, agus le teacht an gheimhridh, bíonn idir mhuintir na háite agus na turasóirí ón gcoigríoch ag tabhairt aghaidh ar na sléibhte le dul ag sciáil.