Martin Dillon

iriseoir agus údar as Béal Feirste

Scríbhneoir agus iriseoir ó Thuaisceart Éireann é Martin Dillon. Chaith sé ocht mbliana déag ag obair don BhBC, agus é i ndiaidh roinnt úrscéalta agus drámaí a chumadh. Mar sin féin, is iad a chuid leabhar faisnéise agus tuairisceoireachta is mó a thuill a chlú dó. B'é an leabhar Shankill Butchers ba mhó a bhí i mbéal an phobail, ach nuair a foilsíodh í, thosaigh na sceimhlitheoirí Protastúnacha á imeaglú le bagairtí. Le teacht slán ó na sceimhlitheoirí, chuaigh sé ar imirce, ar dtús go dtí an Fhrainc, agus níos déanaí go dtí na Stáit Aontaithe.

Infotaula de personaMartin Dillon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Meitheamh 1949
74 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSt Finian's Primary School (en) Aistrigh
St Patrick's College, Belfast (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Leabhair le Martin Dillon cuir in eagar

  • The Shankill Butchers
  • The Trigger Men
  • The Assassination of Robert Maxwell: Israel's Superspy
  • Stone Cold: The True Story of Michael Stone and the Milltown Massacre
  • The Dirty War
  • Rogue Warrior of the SAS: The Blair Mayne Legend
  • God and the Gun

Tagairtí cuir in eagar