Cócaire Éireannach ab ea Mary Mallon, a rugadh ar an 23 Meán Fómhair, 1869 sa Chorr Chríochach, Contae Thír Eoghain.

Infotaula de personaMary Mallon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Meán Fómhair 1869
An Chorr Chríochach, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Samhain 1938
69 bliana d'aois
North Brother Island, New York (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaSaint Raymonds Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcócaire Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Find a Grave: 2166 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhuail fiabhras tíofóideach í am éigin, gan fhios di féin, is cosúil. Tháinig Mallon slán as, agus d'éirigh sí ina iompróir ainsealach ag an ngalar, ag eisfhearadh na baictéir ina fhaecas an t-am ar fad.

Cócaire ba ea Mallon ach níor nigh sí í féin riamh, is cosúil. Ní raibh a fhios ag daoine ag an am go raibh an sláinteachas pearsanta thar a bheith tábhachtach chun ionfhabhtú a chosc. Mar sin, iompróir ionfhabhtaíoch ba ea í, agus aisiomptómach (ní raibh aon chomhartha den ghalar le brath uirthi).

Bhí Mallon curtha ar coraintín dhá uair in éadan a tola. Bhí uirthi fanacht ar oileán North Brother ó 1915 go dtí lá a bháis sa bhliain 1938.

Niúmóine a chniog Mallon faoi dheireadh agus fuair sí bás ar an 11 Samhain 1938, in aois 69 dí. Créamadh a chorp.

Tagairtí cuir in eagar