Mary Wollstonecraft

scríbhneoir Sasanach

Ba scríbhneoir as Londain, Sasana í Mary Wollstonecraft (27 Aibreán 1759 - 10 Meán Fómhair 1797) ag deireadh an 18ú haois. Feimineach neamhleithscéalach ab ea í. Tá clú an fheiminigh uirthi inniu ach bhí a cáil amuigh mar bhean de chineál eile ar fad ag an am.

Infotaula de personaMary Wollstonecraft

(1797) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Aibreán 1759
Spitalfields (Ríocht na Breataine Móire)
Bás10 Meán Fómhair 1797
38 bliana d'aois
Somers Town (Ríocht na Breataine Móire)
Siocair bháisMaternal death (en) Aistrigh (Seipticéime)
Áit adhlacthaSt Peter's Church, Bournemouth (en) Aistrigh (1851–)
St Pancras Old Church, Camden (en) Aistrigh (1797–) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnDias, Anglacánachas agus An tÚinitéireachas
Áit chónaitheBarking
Foraois Epping
an Bhreatain Bheag
Newington Green
Éire
Southwark
Bloomsbury
Beverley
Páras
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiste, staidéar inscní, Catagóir:Cearta na mban, gníomhaíocht pholaitíochta agus scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir aistí, máistreás, duine den lucht gnó, scríbhneoir ábhar taistil, úrscéalaí, fealsamh, staraí, aistritheoir, scríbhneoir litríocht pháistí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFeimineachas
Faoi thionchar
Ainm cleiteMr. Cresswick Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis, an Ghearmáinis agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileGilbert Imlay
William Godwin (1797–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíGilbert Imlay Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMary Shelley
 ( William Godwin)
Fanny Imlay
 ( Gilbert Imlay) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEdward John Wollstonecraft  agus Elizabeth Dixon
SiblínCharles Wollstonecraft

Find a Grave: 12828 Cuir in eagar ar Wikidata
portráid sna 1700idí, le John Williamson, le linn a saol
#wikiwomen

Éire cuir in eagar

Ar feadh 1786-1787, bhí Wollstonecraft ina cónaí i mBaile Átha Cliath (15 Cearnóg Mhuirfean) ar feadh tamaill[1] agus chaith sí seal ag obair i gCaisleán Bhaile Mhistéala. D'éirigh sí ina réabhlóidí ag an am sin, is cosúil.[2] Chinn sí bheith ina údar agus bhog sí go dtí Londain, agus ansin Páras.

 
portráid le John Opie, timpeall 1791, inniu sa Tate

Feimineachas cuir in eagar

Bhí Wollstonecraft an-tógtha leis an bhfeimineachas roimh ré. Scríobh sí an leabhar clúiteach faoi chearta na mban, A Vindication of the Rights of Woman, i 1792.[3][4] B'ait le daoine feimineach ag an am, fiú sa Fhrainc.

Réabhlóid cuir in eagar

Scríobh Wollstonecraft an leabhar, An Historical and Moral View of the French Revolution, i bPáras.

 
faoi cheart

Bás agus oidhreacht cuir in eagar

Níor chaith Wollstonecraft ach 9 mbliana ag scríobh.

Agus í ag tabhairt linbh ar an saol, fuair Wollstonecraft bás coicís níos déanaí. Saolaíodh iníon di, Mary Wollstonecraft Shelley, údar Frankenstein.

 
Mary Wollstonecraft Shelley, údar Frankenstein.

Is de shuimiúlacht gurbh í Mary Wollstonecraft is géire a shonraigh an ceangal idir sclábhaíocht na mban agus sclábhaíocht na tíre faoi rí uilechumhachtach, ach gurb iad na mná is túisce a íslíonn agus a tháiríonn iad féin i láthair na mórgachta ríoga, a scríobh Alan Titley.[5]

Meatacht intleachtúil a thug a fear céile William Godwin ar an lúitéis náireach seo, nuair a d'fhoilsigh sé beathaisnéis faoi Wollstonecraft, Memoirs of the Author of A Vindication of the Rights of Woman (1798).

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Eamon Ryan (15/2/2017). "US Executive Order on Immigration:...: 15 Feb 2017: Dáil debates (KildareStreet.com)". www.kildarestreet.com. Dáta rochtana: 2021-09-10.
  2. WOLLSTONECRAFT’S EXPERIENCES IN IRELAND HELPED INFORM HER RADICAL CLASS AND GENDER ANALYSES http://www.historyireland.com/volume-24/from-the-education-of-daughters-to-the-rights-of-woman-mary-wollstonecraft-in-ireland-1786-7/
  3. "Rights of Man" (as en) (2021-08-22). Wikipedia. 
  4. D'fhoilsigh Thomas Payne the 'Rights_of_Man' sa bhliain 1791
  5. Alan Titley (2003). "Sasanaigh mhaithe" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-09-10.