Is é is masc ann ná rud a chaitheamh chun aghaidh duine a cheilt, bíodh cosaint nó ceilt a bheith i gceist. Focail eile a thugtar ar mhasc uaireanta is ea púicín agus aghaidh fidil.

Masc cloiche ó timpeall na bliana 7000 RC, an masc is sine dá mhaireann, b'fhéidir
Aghaidh fidil de chuid Beau Dick, ealaíontóir bundúchasach ón gColóim Bhriotanach, Ceanada

Úsáideann daoine a bhfuil contúirt éigin dá n-aghaidh maisc leis an aghaidh a chosaint, masc máinliachta nó masc táthúcháin, mar shampla. Is gá lena leithéid de chosaint don aghaidh freisin nuair a bhíonn duine ag imirt a lán spórt: masc daorchluiche, sciáil (i gcoinne an aeir fuaire), tumadóireacht, peil Mheiriceánach, pionsóireacht agus eile. Caitear maisc go minic agus siamsaíocht ar siúl sa téatar nó le linn Carnabhail. Bíonn an duine atá ag caitheamh aghaidh fidil ag iarraidh sceon a chur ar dhuine nó gáire a bhaint as. Úsáidtear maisc i gcomhair searmanas reiligiúnda freisin. Baineann coirpigh agus baill d'fhórsaí éigeandála feidhm astu lena bhféiniúlacht a cheilt agus eagla a chothú.