Mazabuka

baile sa tSaimbia

Is baile i gCúige ó Dheas Shaimbia é Mazabuka. Tá an baile suite siar ó dheas ó Lusaka, agus téann Bóthar Lusaka-Livingstone agus an iarnród chuig Livingstone fríd. Tá an baile lonnaithe ar imeall thoir theas bhogach Kafue Flats.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMazabuka

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 15°52′S 27°46′E / 15.87°S 27.77°E / -15.87; 27.77
Stát ceannasachan tSaimbia
Cúige na SaimbiaCúige an Deiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán116,503 (2013) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde1,050 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinmazabukacouncil.gov.zm… Cuir in eagar ar Wikidata
Iarnród Mazabuka

Is ón fhocal Tonga "Twazabuka" nó "Kuzabuka", rud a chiallaíonn "Trasna na habhann" a thagann an t-ainm Mazabuka. Creidtear gur cumadh an t-ainm i ndiaidh don tréibh Tonga abhainn Magoye a thrasnú le linn a n-imirce.

D'fhás an baile thart ar phlandálacha cána siúcra, agus faoi láthair is Zambia Sugar (Eastát Nakambala á reáchtáil ag Illovo Sugar) an táirgeoir siúcra is mó sa tSaimbia. Tá Mazabuka suite in aice le Limistéar Comhantais Mwanachingwala . Meastar go raibh a 35,000 duine ina gcónaí ann i 2000.[1]

Gnéithe Mazabuka cuir in eagar

  • Is scoil chónaithe príobháideach í Bunscoil Musikili do pháistí idir 5 agus 13 bliana d'aois.
  • Is bunscoil saor in aisce í an Scoil Pobail Luyobolola atá curtha ar fáil ag Paróiste an Deastógail(féach naisc seachtracha thíos).
  • Is gnáthbhunscoil í Bunscoil Ching'ang'auka atá cóngarach do Mwanamainda.
  • Is suíomh tástáil fadtéarmach mór agus tábhachtach ar bhearta coisctheacha sa chogadh i gcoinne SEIF é Mazabuka
  • Is é Comhairle Bardasach Mazabuka an t-údarás áitiúil atá lonnaithe ar Bhóthar Livingstone (T2).
  • Is scoil do pháistí le míchumais í Flamboyant atá suite ar imeall an bhaile.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar