Meacan compair

géineas plandaí
(Athsheolta ó Meacan an chompair)

Planda colgach ilbhliantúil, dúchasach don Eoraip agus réigiún na Meánmhara is ea meacan compair (géineas Symphytum).[1] Na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, tanaí ubhchruthach garbh, gais ar na cinn uachtaracha a chumann eití ar an bpríomhghas. An bláthra cornaithe. Na bláthanna cromtha, feadánach nó tonnadóirchruthach, bán, buí nó bándearg nuair a bhíonn ina mbachlóga, agus gorm nuair a bhíonn oscailte.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMeacan compair
Symphytum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhnucule (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdBoraginales
FineBoraginaceae
GéineasSymphytum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Speicis cuir in eagar

Tá 59 speiceas ann, ina measc:

  • Symphytum asperum — compar Rúiseach
  • Symphytum officinalecompar
  • Symphytum tuberosum — meacan compair

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Symphytum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Meacan an chompair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 442.