Is éard is meaisín ann ná gaireas nó gléas ar bith a úsáideann fuinneamh i gcomhair gníomhaíochta éigin. In úsáid coitianta, is é a bhrí ná gaireas a bhfuil codanna aige chun aon chineál oibre a dhéanamh nó chun chuidiú le hobair a dhéanamh. Gléas simplí is ea meaisín a trasfhoirmíonn an treo nó méid an fhórsa gan aon tomhailte fuinnimh. Tá an focal "meaisín" díorthaithe ón bhfocal Laidine machina. [1]

Úsáid cuir in eagar

Go stairiúil, bhí gá ann go mbeadh codanna gluaiseachta ag meaisín chun é a rangú mar mheaisín; áfach, le teacht na theicneolaíochta leictreonaice forbraíodh gléasanna gan chodanna gluaiseachta a mheastar ina mheaisíní iad - an sampla is follasaí ná an ríomhaire.

Is meaisíní iad innill a thiontaíonn teas nó foirmeacha eile fuinnimh ina bhfuinnimh meicniúil. Mar shampla, in inneall dócháin inmheánaigh is é an toradh ar leathnú gháis de bharr teasa ó imoibriú eisiteirmeach ceimiceach ná frithghníomhú á chur i bhfeidhm chun comhpháirt shochorraithe, cosúil le loine nó lann tuirbín.

Tá meaisíní uileláithreach i réimse leathan d'fheidhmeanna tionsclaíocha, tráchtála, cónaithe agus iompair. Bíonn na cinn a bhaineann feidhm as hiodrálaic an-úsáideach ach go háirithe i ndéantúsaíocht agus i dtionscal na tógála.

Tagairtí cuir in eagar

  1. The American Heritage Dictionary, Second College Edition. Houghton Mifflin Co., 1985.