Iris liteartha Astrálach is ea Meanjin agus é ar na cinn is sine agus is tábhachtaí san Astráil. Tháinig an t-ainm – a fhuaimnítear mar mí-an-jin – ó fhocal Bundúchasach ar an áit a bhfuil Brisbane.

Infotaula de publicacions periòdiquesMeanjin
Cineálirisleabhar eolaíochta
Cárta innéacs
TeangaBéarla
Am tosaigh1940 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Clem Christesen
Áit a fhoilsitheMelbourne agus Brisbane
Tréith
PríomheagarthóirJonathan Green (en) Aistrigh (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirMelbourne University Publishing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóirí
ISSN1324-1737, 1324-1745, 0025-6293 agus 1448-8094

Suíomhmeanjin.com.au Cuir in eagar ar Wikidata

Bhunaigh Clem Christesen Meanjin i Mí Nollag 1940.[1] Foilsíodh é mar Meanjin Papers anuas go dtí an bhliain 1947, mar Meanjin idir na blianta 1947 agus 1960, mar Meanjin Quarterly idir na blianta 1961 agus 1976, agus mar Meanjin as sin amach.[2]

D’aistrigh an iris go Melbourne sa bhliain 1945 agus foilsítear í anois faoi choimirce Ollscoil Melbourne.

Ábhar agus údair cuir in eagar

Foilsíonn Meanjin aistí, tráchtaireacht, filíocht, ficsean, cuimhní cinn agus úrscéalta grafacha.

Bhí Clem Christesen ina eagarthóir ar an iris ar feadh ceithre bliana is tríocha agus d’fhoilsigh ábhar a léirigh leathantas smaointeoireachta a linne ar an litríocht, ar na healaíona eile agus ar ghnóthaí móra na ré sin. Foilsíodh saothar na scríbhneoirí Astrálacha is fearr ann agus saothar scríbhneoirí nótáilte eachtrannacha. Ar na scríbhneoirí Astrálacha tá Judith Wright, Kylie Tennant, Vance agus Nettie Palmer, A.D. Hope, Dymphna Cusack, Martin Boyd, Alan Marshall, Dorothy Hewett, Vincent Buckley, Patrick White, Gwen Harwood, David Malouf, Humphrey McQueen, Jack Hibberd, Roberta Sykes, Helen Garner, Alex Miller, Frank Moorhouse, Carmen Callil and Dorothy Porter. Ar na scríbhneoirí eachtrannacha tá Jean-Paul Sartre, Kurt Vonnegut, Arthur Miller, Anaïs Nin, Ezra Pound, Alexander Solzhenitsyn and Dylan Thomas. Lena chois sin bhí tús díospóireachta le fáil in Meanjin ar roinnt scéalta a cíoradh go mion ó shin.[3]

Eagarthóirí cuir in eagar

  • 1940 - 1974: Clem Christesen
  • 1974 - 1982: Jim Davidson
  • 1982 - 1987: Judith Brett
  • 1987 - 1994: Jenny Lee
  • 1994 - 1998: Christina Thompson
  • 1998 - 2002: Stephanie Holt
  • 2002 - 2008: Ian Britain
  • 2008 – 2011: Sophie Cunningham
  • 2011 to 2012: Sally Heath
  • 2013 to 2015: Zora Sanders
  • 2015 - Jonathan Green

Eagarthóirí filíochta cuir in eagar

  • (Ní fios cén tréimhse) Coral Hull
  • le linn na 1970idí: Kris Hemensley
  • 1979 - 1982: Judith Rodriguez
  • 1987 - 1994: Philip Mead
  • 1994 - 1997: Laurie Duggan
  • 1998: Brian Henry
  • 2000 - 2005: Peter Minter
  • 2005 - 2015: Judith Beveridge
  • 2015 - Bronwyn Lea

Foinsí cuir in eagar

  • Strahan, Lynn. Just City and The Mirrors: Meanjin Quarterly and the Intellectual Front, 1940-1965. Melbourne: Oxford University press, 1984
  • Lee, Jenny & Mead, Philip & Murnane, Gerald (eag.). The Temperament of Generations: Fifty Years of Meanjin. Melbourne: Meanjin/Melbourne University Press, 1990.

Tagairtí cuir in eagar

  1. http://www.austlit.edu.au/specialistDatasets/BookHistory/AustMag Australian Magazines of the Twentieth Century, Austlit. Aimsíodh ar 22 June 2012
  2. Wilde, William, Australian Poets and Their Works, Oxford University Press, 1996
  3. http://www.mup.com.au/page/8 Curtha i gcartlann 2012-07-05 ar an Wayback Machine Melbourne University Press. Aimsíodh ar 22 Meitheamh 2012.

Naisc sheachtracha cuir in eagar