Is éard atá i gceist leis an Meathachas - nó Gluaiseacht an Mheatha, nó An Meath fiú - ná gluaiseacht liteartha agus ealaíne a tháinig chun cinn insan Eoraip, agus insan bhFrainc go háirithe, le linn an fiche bliain deiridh den 19ú haois. Dá bharr san, tugtar fin de siècle (Gaeilge: 'deireadh na haoise') ar na saothair a bhaineann leis an Meathachas leis. Samplaí den scoth den Meathachas is ea na saothair ealaíne de chuid Fhélicien Rops agus À rebours (1884), úrscéal leis an scríbhneoir Francach Joris-Karl Huysmans.

Félicien Rops, Pornokratès (1878)