Is éard atá i meitiliú ADN grúpaí meitile a chur le móilín an ADN. Tig leis an meitiliú gníomhaíocht teascáin ADN a athrú gan an seicheamh a athrú. Nuair atá an meitiliú suite i spreagthóir, is iondúil go ndéanann sé tras-scríobh géinte a shrianadh. Is gá meitiliú DNA a bheith ann i gcomhair gnáthfhorbartha i mammaigh.

Is féidir dhá cheann de na ceithre bhun de DNA, cíotósín agus adainín, a mheitiliú. Tá meitiliú an chíotóisín le fáil go forleathan in eocaróit agus in prócaróit, cé gur mór an difríocht idir ráta mheitiliú an ADN de réir an speicis.[1][2][3][4] Tá meitiliú adainíne le feiceáil in ADN baictéirí, plandaí agus mammach.[5][6]

Galracha cuir in eagar

Tá taighdeoirí ag scrúdú na nascanna idir meitiliú ADN agus galracha daonna ar nós lúpais, ailse, distróife matánach, agus éalanga ó bhroinn. B’fhéidir go bhféadfaí teacht roimh ghalracha a thagann chun cinn i rith fhás an tsutha de thoradh mheitiliú mínormálta an chrómasóim X agus inphriontáil géinte.

Tá cuid mhór den taighde dírithe ar ailse agus ar ghéinte a shrianann ailse. Is minic a “chiúnaíonn” meitiliú mínormálta (hipirmheitiliú) na géinte úd i gcealla ailseacha. I gcomparáid le gnáthchealla, tá na meitiliú chun tosaigh i ngéanóim i gcealla ailseacha i gcoitinne: tá sé le fáil i ngéinte a bhaineann le siadaí ionracha, rialú timthrialla cille, deisiú ADN agus próisis eile ina bhfuil ciúnú déanta agus ailse ag leathnú.

Nótaí cuir in eagar

  1. "Methylation of the deoxyribonucleic acid of Physarum polycephalum at various periods during the mitotic cycle" (December 1970). The Journal of Biological Chemistry 245 (23): 6436–41. PMID 5530731. 
  2. "Trace analysis of methylated and hydroxymethylated cytosines in DNA by isotope-dilution LC-MS/MS: first evidence of DNA methylation in Caenorhabditis elegans" (January 2015). The Biochemical Journal 465 (1): 39–47. doi:10.1042/bj20140844. PMID 25299492. 
  3. "Genome-wide evolutionary analysis of eukaryotic DNA methylation" (May 2010). Science 328 (5980): 916–9. doi:10.1126/science.1186366. PMID 20395474. 
  4. "Cytosine DNA methylation is found in Drosophila melanogaster but absent in Saccharomyces cerevisiae, Schizosaccharomyces pombe, and other yeast species" (April 2014). Analytical Chemistry 86 (8): 3697–702. doi:10.1021/ac500447w. PMID 24640988. 
  5. "N6-methyladenine: the other methylated base of DNA" (March 2006). BioEssays 28 (3): 309–15. doi:10.1002/bies.20342. PMID 16479578. 
  6. "DNA methylation on N(6)-adenine in mammalian embryonic stem cells" (April 2016). Nature 532 (7599): 329–33. doi:10.1038/nature17640. PMID 27027282.