Is éard atá i gceist le mialóma ná prolaiféarú urchóideach na gceall a dhíorthaítear ó limficítí B (cealla sa phlasma) i smior na gcnámh, ionas go dtáirgeann siad antasubstaintí. Milltear cealla normálta sa smior, tagann na cealla urchóideacha ina n-ionad, agus laghdaítear líon na gceall dearg, na gceall bán, is na bpláitíní san imshruthú fola. Tagann ainéime ar an othar, éiríonn sé íogair d'ionfhabhtuithe, agus lagaíonn an próiseas téachta ina chuid fola. Lagaítear na cnámha freisin, agus bristear go héasca iad. Táirgeann an cholainn an-chuid antasubstaintí mínormálta a dhéanann damáiste don ae is na duáin. Is mífhabhrach an phrognóis a bhíonn ag an othar.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarMialóma
Cineálmyeloproliferative disorders (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
UMLS CUIC2939461 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:0070004 Cuir in eagar ar Wikidata
Plasmacytoma

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mialóma". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 452.