Grúpa mianraí a chomhdhéanann 95% de screamh an Domhain, a chuimsíonn sileacan is ocsaigin i gcomhcheangal le chéile nó le dúile eile. Ó thaobh struchtúir de, tá siad uile bunaithe ar SiO4, teitrihéadrán, agus is struchtúir chasta phoiliméaracha de theitrihéadráin an chuid is mó díobh. Rangaítear iad de réir a gcéim polaiméiriúcháin, ó shileacáití a chuimsíonn grúpaí aonraithe SiO4 (olaivíní is gairnéid), go dtí fáinní (beiril), slabhrashileacáití (pirixéiní le slabhra singil is amfabóil le slabhraí dúbailte), leatháin (miocaí is créanna), agus creatlaigh thríthoiseacha (grianchloch is iathchlocha).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mianraí sileacáite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 453.