Michael Bauer

saineolaí ar Ghaeilge na hAlban

Is teangeolaí Gearmánach é Michael BauerMìcheal Bauer (München, 4 Samhain 1974).[1] Tá sé an-ghníomhach i saol Ghaeilge na hAlban, ag déanamh taighde agus teagasc taobh amuigh den ollscoil, ag cruthú acmhainní digiteacha sa teanga (mar shampla bogearraí) agus san fhoilsitheoireacht.[1][2][3]

Infotaula de personaMichael Bauer
Beathaisnéis
Breith4 Samhain 1974
49 bliana d'aois
München, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAgnóisí
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Stow (2002–2003)
Ollscoil Dhún Éideann - teangeolaíocht, léann Ceilteach (1998–2002)
Ollscoil Ludwig Maximilian, München (1995–1998)
Gisela-Gymnasium (1985–1995) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheGlaschú
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, mionfhoilsitheoireacht, foclóirí, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidRoibeard Ó Maolalaigh
TeangachaAn Ghearmáinis, Béarla, Gaeilge na hAlban, an Bhascais agus Cantainis
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinakerbeltz.org Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: akerbeltzalba Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne sé céim sa teangeolaíocht agus Gaeilge na hAlban in Ollscoil Dhún Éideann idir 1998 agus 2002, agus cé go raibh sé ina shaoránach Gearmánach ar dtús, fuair sé saoránacht Bhriotanach i 2010.[1]

Tá sé ina bhall den Document Foundation freisin, an fhondúireacht a fhorbraíonn LibreOffice.[4]

Foclóireacht cuir in eagar

Is é Mìcheal Bauer agus Will Robertson a d'fhoilsigh Dwelly-d (leagan ar líne den fhoclóir mór Dwelly lenar féidir cuardach a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge na hAlban) agus Am Faclair Beag (foclóir Ghaeilge na hAlban ina bhfuil téarmaíocht agus abairtí nua-aimseartha ach le Dwelly ann chomh maith) i 2009.[5] Fuair an bheirt moladh ó Pharlaimint na hAlban agus ó Pharlaimint Westminster mar gheall ar an obair dheonach seo.[6][7]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Bauer, M. Blas na Gàidhlig: The Practical Guide to Scottish Gaelic Pronunciation (2011) Akerbeltz ISBN 978-1907165009
  2. Na Gaidheileamailtich[nasc briste go buan]
  3. "Bòrd na Gàidhlig - Survey of Gaelic Corpus Technology". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-02-28. Dáta rochtana: 2013-12-27.
  4. "Ballraíocht Document Foundation". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-07-11. Dáta rochtana: 2013-12-27.
  5. Mun Fhaclair Bheag
  6. Early Day Motion 456
  7. "S3M-3232 [[Alasdair MacAilein]]: Dwelly’s Gaelic Dictionary Online". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-26. Dáta rochtana: 2013-12-27.