Michael Murphy (peileadóir)

Is peileadóir é Mícheál Ó Murchú (Béarla: Michael Murphy). Is as Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall é. Imríonn sé ar fhoireann peil Ghaelach Dhún na nGall agus ar a fhoireann áitiúil Gleann tSúilí. Imríonn sé lántosaí don Ghleann tSúilí agus don Dún na nGall. Sa bhliain 2012, fógraíodh gurbh é captaen na foirne Dún na nGall é. Rinneadh Ó Murchú an chéad imreoir a bheith ina captaen nuair atá bua díreach i ndiaidh a chéile acu. Chomh maith ba é an dara captaen an Corn Sam Maguire a bhuachan, tar éis Antóin Ó Maolmhuaidh (Anthony Molloy) sa bhliain 1992. Go minic, meastar gurb é Ó Murchú ceann de na peileadóirí ab fhearr riamh.[1]

Infotaula de personaMichael Murphy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Lúnasa 1989
34 bliana d'aois
Leitir Ceanainn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Coláiste Adhamhnáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Twitter: murphm95 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol a hóige cuir in eagar

Rugadh Mícheál Ó Murchú ar an 4ú Lúnasa 1989[2] i Leitir Ceanainn agus tógadh é i nGleann tSúilí, Contae Dhún na nGall.  Is páiste aonair é. Is é Mick Ó Murchú a athair. Bhí a athair ina bhall den Gharda Síochána agus d’oibrigh a bhean Mháire don tseirbhís sláinte. Ar mhuintir a athair Mícheál, as Maigh Eo a tháinig an chuid is mó dá shinsir.[3] Rugadh Ó Murchú lena chromán as áit agus sa bhliain 1990, rinneadh obráid air ag an Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae.[4] Lá amháin nuair a bhí Ó Mhurchú i mBaile Átha Cliath i gcomhair scrúdú sláinte, chuir sé ceist ar a athair an dtiocfadh leis dul isteach Páirc an Chrócaigh. Thug garda slándála cead dóibh dul isteach agus bhuail Ó Murchú leis an tráchtaire spóirt cháiliúil Mícheál Ó Muircheartaigh. Shiúil sé isteach ar an bpáirc i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair in éineacht leis Ó Muircheartaigh.

Oideachas cuir in eagar

 
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

D’fhreastail Mícheál bunscoile ina cheantar áitiúil i nGleann tSúilí. Tar éis sin d’fhreastail sé ar Choláiste Naomh Adhamhnáin (St.Eunan's College) i Leitir Ceanainn. Le linn a bhlianta mar dhalta i gColáiste Naomh Adhamhnáin, d’imir sé ar fhoireann peile Ghaelach na scoile. Ag an am sin dúirt a céilí comhraic go raibh Ó Murchú an peileadóir is fearr sa tír. Sa bhliain 2007, bhí Ó Murchú ina bhall den fhoireann an choláiste a bhuaigh an Corn Mhic Giolla Earnáin den cheathrú huair agus d’éirigh leo dul ar aghaidh chuig an Chraobh Shinsear Peile na gColáistí. Ar an drochuair chaill siad an cluiche le scór de 2-12 go 0-14 tar éis am breise in aghaidh Naomh Muire, Éadan Doire(Edenderry), Uíbh Fhailí (Offaly).[5]

D’fhreastail sé ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus sa bhliain 2013 fuair sé céim le bitheolaíocht agus corpoideachas.[6] Le linn na mblianta a chaith sé ag staidéar i mBaile Átha Cliath, roinn sé lóistín le Pól Ó Floinn (Paul Flynn) agus Aodán Breathnach (Aidan Walsh) buaiteoirí Craobh na hÉireann le Baile Átha Cliath agus Corcaigh.[7]

Bhí Ó Murchú ina bhall den fhoireann peile Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath freisin agus sa bhliain 2012 bhuaigh an fhoireann an Corn Mhic Shigiúir nuair a bhuaigh siad in aghaidh Ollscoil na hÉireann Má Nuad sa chluiche ceannais.[8]

 
Coláiste Naomh Adhamhnain

A Gairm Proifisúnta cuir in eagar

Is múinteoir meánscoile é Mícheál Ó Murchú. Faoi láthair tá sé ag múinteoireacht i gColáiste Naomh Adhamhnáin i Leitir Ceanainn.[9] Is iardhalta é i gColáiste Naomh Adhamhnáin. Múineann sé bitheolaíocht agus corpoideachas. Oibríonn sé i ‘Michael Murphy Sports & Leisure’ freisin, an siopa spóirt a d’oscail sé i 2014 lena comhimreoir Niall Ó Gallchobhair (Neil Gallagher).[10]

Club CLG cuir in eagar

Nuair nach raibh Ó Mhurchú ach sé bliana déag d’aois tugadh cuireadh dó áit a ghlacadh ar an fhoireann peil Ghleann tSúilí sa bhliain 2005. Chuidigh sé leo teacht ar an gcluiche ceannais Craobh idirmheánach Uladh.

Sa bhliain 2011 bhí sé mar bhall den fhoireann Ghleann tSúilí a bhuaigh an chéad teideal Craobh shinsear Peile Dhún na nGall nuair a bhuail Gleann tSúilí 1-08 go 0-9 in aghaidh Naomh Mícheál sa chluiche ceannais. Bhí scór 1-7 aige de réir an scóir iomláin 1-8. Bhronn na himreoirí gradam laoch na himeartha air.[11]

I mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 2013 bhuaigh Ó Murchú a dhara Craobh Shinsear Peile Dhún na nGall nuair a bhuaigh Gleann tSúilí 3-19 go 2-6 in aghaidh Na Cealla Beaga.[12]

 

Captaenacht Dún na nGall cuir in eagar

D’ainmnigh an bainisteoir Séamus Mag Aonghusa (Jim Mc Guiness) Ó Murchú mar chaptaen ar fhoireann Dhún na nGall i mí na Nollag sa bhliain 2010, nuair nach raibh sé ach bliain is fiche d’aois. Ba é ceann de na himreoirí is óige a bheith mar chaptaen.[13]

Sa bhliain 2011 threoraigh sé an fhoireann go dtí a gcéad teideal Craobh Pheile Uladh i 19 mbliana nuair a bhuail Dún na nGall 1-11 go 0-08 in aghaidh Doire i bPáirc Thiarnaigh Naofa (St.Tiernach’s Park), Cluain Eois (Clones). Lean Dún na nGall ar aghaidh go dtí an cluiche leathcheannais na hÉireann i 2011 ach ar an drochuair chaill siad an cluiche in aghaidh Baile Átha Cliath.

Craobh Peil na hÉireann 2012 cuir in eagar

 
Dún na nGall in aghaidh Cill Dara sa bhliain 2011 i bPáirc an Chrócaigh

Sa bhliain 2012 ba é Ó Murchú an chéad imreoir a bhí ina chaptaen ar Dhún na nGall le teidil Uladh i ndiaidh a chéile agus tar éis sin, bhain sé Craobh Peil na hÉireann. Ba é an dara captaen Dún na nGall an Corn Sam Maguire a bhuachan tar éis an chaptaein Anthony Molloy sa bhliain 1992.

Sa tríú nóiméad den chluiche ceannais lasc Ó Murchú na liathróide isteach san eangach tar éis na liathróide a bhailiú ó Carl De Léis (Karl Lacey).[14] Dúirt na meáin agus an lucht féachana gurbh é an cúl is íocónaí sa bhliain 2012 agus mairfidh an cúl sin i gcuimhne na ndaoine.[15] Nuair a chuaigh Ó Murchú suas an ardán Ó Hógáin (Hogan Stand) i bPáirc an Chrócaigh agus d’ardaigh sé an Corn Sam Maguire, thosaigh sé a óráid leis “We have him” ag tagairt don Chorn Sam Maguire. Ag deireadh a óráid chan sé an cúrfa den amhrán Dún na nGall “Jimmy’s winning matches”. Bhí an t-amhrán “Las Vegas (In the Hills of Donegal)” ag bladhradh amach as na callairí i bPáirc an Chrócaigh agus rinne an fhoireann Dún na nGall cuairt ghaisce thart Páirc an Chrócaigh agus bhain siad an-sásamh as an mbua. Bhí a oiread le 82,000 ag an gcluiche ceannais.

De réir a comhimreoir Niall Ó Gallchobhair (Neil Gallagher), is cinnte nach mbeadh an bua ag foireann Dhún na nGall Craobh na hÉireann sa bhliain 2012 gan Mícheál Ó Murchú.[16]

 
Mícheál Ó Murchú ag scóráil cic pionóis in aghaidh John Deighan (Doire) sa Craobh Comórtais Uladh (2008)

Peil na Rialacha Idirnáisiunta (International Rules) cuir in eagar

Chuaigh Ó Murchú den chéad uair chun na hAstráile chun sraith Peil na Rialacha Idirnáisiúnta (sa chatagóir faoi sheacht mbliana déag) a dhéanamh sa bhliain 2007 nuair nach raibh sé ach sé bliana déag d’aois. Mar sin féin, sa bhliain 2010 dhiúltaigh sé tairiscint chun bogadh go dtí na hAstráile agus ní bheadh sé ag smaoineamh air sa todhchaí mar bhí sé ag iarraidh fanacht abhaile i ndún na nGall agus imirt dá chlub agus dá chontae.[17] Tháinig sé ar an tsraith Peil na Rialacha Idirnáisiúnta i 2010 den chéad uair ag imirt don fhoireann na hÉireann in aghaidh na hAstráile. Arís i 2011 thaistil sé chun na hAstráile don dara sraith den Pheil na Rialacha Idirnáisiúnta. Sa tsraith seo sháraigh Ó Murchú gach uile imreoir agus measadh go raibh sé ceann de na himreoirí is fearr in Éirinn.

Tar éis a rath i 2011 fógraíodh gurbh é captaen fhoireann na hÉireann é don tsraith 2013.[18]

Taobh amuigh den pheil cuir in eagar

Mícheál Ó Murchú agus an teanga Gaeilge cuir in eagar

Rinne Ó Murchú físeán don Chumann Lúthchleas Gael le linn bhliain na Gaeilge i 2018. Is é ‘Buail Buaille don Ghaeilge’ an t-ainm ar an bhfíseán. San fhíseán seo, tá sé ag ciceáil scóir don Ghaeilge le linn bhliain na Gaeilge i 2018.[19]

Sa bhliain 2017 rinne Ó Murchú agallaimh don BBC Gaeilge in éineacht le imreoir Ard Mhaca, Cathal de Bhearnúin (Charlie Vernon) ag labhairt faoina saoil mar imreoirí CLG.[20]

Obair Theilifíse cuir in eagar

Bhí Mícheál Ó Mhurchú ar an chlár faisnéise The Toughest Trade sa bhliain 2017. Mhalartaigh Ó Mhurchú áiteanna leis réalta rugbaí Shane Williams agus chaith sé seachtain amháin ag foireann rugbaí na Fraince Clermont. In ionad Ó Mhurchú, chuaigh James isteach sa chlub Ó Mhurchú Gleann tSúilí.

Chomh maith le The Toughest Trade, bhí sé ar an scannán peile “Gaelach Getting to grips with some GAA skills” le Cathal de Bhearnúin (Charlie Vernon) as Ard Mhacha. Rinneadh scannánú ar an scannán ar an Ómaigh agus craoladh an scannán ar BBC.

D’oibrigh sé mar anailísí do Eir Sport le linn a gclúdach ar an gCluiche Leathcheannais Craobh Shinsear Peile Dún na nGall idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill i 2017.[21]

Rinne sé a chéad uair mar anailísí ar The Sunday Game don chraoladh oíche de bhuaicphointí leathcheannas na hÉireann idir Muineachán agus Tír Eoghain ar an 12 Lúnasa 2018. Fuair sé go leor aiseolas dearfach tar éis a chéad uair mar anailísí ó léirmheastóirí agus lucht féachana. D’fhill Ó Murchú ar The Sunday Game ar oíche chluiche ceannais peile na hÉireann in 2018 idir Baile Átha Cliath in aghaidh Tír Eoghain agus arís in 2019, Baile Átha Cliath in aghaidh Ciarraí.

Gnó cuir in eagar

I mí Lúnasa sa bhliain 2014, d’oscail Ó Murchú a shiopa spóirt féin i Leitir Ceanainn “Michael Murphy Sports and Leisure” taobh lena comhimreoir Niall Ó Gallchobhair (Neil Gallagher). Ó ag oscailt an siopa spóirt, bíonn tarraingt mhór ag turasóirí air. Tagann lucht leanúna CLG ó cháin agus ó chóngar chun comhrá a bheith acu leis an gcaptaen a bhuaigh craobh na hÉireann, chun grianghraf a thógáil leis, nó chun átagraf a fháil.[22]

I Meán Fómhair sa bhliain 2016 sheol Michael Murphy Sports and Leisure tionscnamh nua chun gaiscí na daltaí agus na scoileanna chun ceiliúradh agus chun luach saothair a thabhairt dóibh. Is é ‘Michael Murphy Sports and Leisure School Star Awards’ an t-ainm atá ar an ghradam. Tá cead ag gach bunscoil agus gach meánscoil ar fud Dhún na nGall.

Bronn Mícheál Ó Murchú an gradam ‘Michael Murphy Sports and Leisure School Stars’ ar Ghairmscoil Chú Uladh an Chlocháin (Ballinamore Vocational School Cloghan) i nDún na nGall. Fuair an scoil aitheantas dá cúrsaí folláine agus sláinte a chur chun cinn sa bhliain 2017. Bhuaigh an scoil €250 d’fheisteas traenála mar chuid den ghradam. Thug Mícheál Ó Murchú cuairt ar Ghairmscoil Chú Uladh an Chlocháin chun a nduais a bhronnadh ar na daltaí.[23]

Duaiseanna agus Gaiscí cuir in eagar

I gcaitheamh na mblianta ag imirt dá chlub Gleann tSúilí agus dá chontae Dún na nGall, bhuaigh Ó Murchú mórán duaiseanna.

Duaiseanna Aonair cuir in eagar

  • Bhuaigh Ó Murchú an duais CLG Sárimreoir (GAA All-Star Award) sna blianta 2012, 2014 agus 2019.
  • Ainmníodh é don duais CLG Sárimreoir freisin sa chatagóir lántosaí i 2009 agus 2011, sa chatagóir tosaí i 2015 chomh maith le catagóir lár na páirce i 2018.
  • Bronnadh an duais CLG Sárimreoir óg na Bliana air sa bhliain 2009.
     
    Corn Mhic Shigiúir

Dún na nGall cuir in eagar

  • Craobh Shinsear Peile na hÉireann i 2012.
  • Chraobh Shinsear Peile Uladh sna blianta 2011, 2012, 2014, 2018, 2019.
  • Corn an Dochtúra Mac Cionnaith sna blianta 2009, 2010, 2018.

Ó Cluiche amháin cuir in eagar

  • Bhronn na himreoirí gradam laoch na himeartha air sa Chraobh Shinsear Peile na hÉireann i 2012.
  • Bhronn na himreoirí gradam laoch na himeartha air sa Chraobh Shinsear Peile Uladh i 2011.
  • Bhronn na himreoirí gradam laoch na himeartha air sa Chraobh Shinsear Peile Dhún na nGall sna blianta 2011, 2013, 2016.
  • Cúl an Craobhchomórtais i 2012.
  • Irish News Imreoir na bliana (Uladh) i 2019.

Ollscoil cuir in eagar

  • Corn Mhic Shigiúir i 2012 (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath).

Caitheamh Aimsire cuir in eagar

Rinne Ó Murchú agallamh leis GAA.ie ‘Up close and Personal’ nuair a bhí sé fiche bliain d’aois. Labhair sé faoina caitheamh aimsire taobh amuigh de CLG. Labhair sé faoina caitheamh aimsire taobh amuigh de CLG. Dúirt sé is iad ag léamh, ag féachaint ar an teilifís agus ag imirt Xbox an caitheamh aimsire is fearr leis.[24]


Tagairtí cuir in eagar

  1. "Flynn: Murphy is best in the country - HoganStand". www.hoganstand.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  2. "Sinead Kissane: As a landmark birthday looms, 30 reasons why Michael Murphy is a modern great" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  3. "Michael Murphy and Martin O'Reilly's Mayo heritage" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  4. Friday, September 21, 2012 (2012-09-21). "Donegal sons – and their Mayo fathers" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  5. "St. Eunan’s through to semi-final". www.donegallive.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  6. "Men's Senior Football - Player Profiles | DCU GAA". archive.is (2013-02-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-02-17. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  7. Michael Scully (2013-05-29). "Paul Flynn on his graveyard walks ahead of turning out for Dublin". irishmirror. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  8. "DCU take Sigerson Cup". Breaking News (2012-02-25). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  9. admin (2016-04-09). "Donegal sporting stars encouraging students to read more books" (en-US). Highland Radio - Latest Donegal News and Sport. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  10. "Home | Michael Murphy Sports | Donegal | ireland". www.michaelmurphysports.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  11. "Murphy magic proves key as Glenswilly secure first Donegal crown" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  12. "Watch: Michael Murphy's magical piece of skill - HoganStand". www.hoganstand.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  13. "Murphy chosen to captain Donegal" (en-GB) (2010-12-01). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  14. "Michael Murphy Goal Donegal V Mayo GAA All Ireland Football Final 2012 HD" (as en) . 
  15. "Dazzling Donegal's day - Frank Roche, Columnists - Herald.ie". archive.is (2012-12-09). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-09. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  16. Brendan Crossan (2018-07-28). "Michael Murphy: the brightest star in Donegal and the ultimate team player" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  17. "Murphy rebuffs Nixon" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  18. "Earley names Murphy as captain for Rules series" (as en) (2013-10-03). 
  19. "Michael Murphy - ‘Buail Buille don Ghaeilge’" (as en) . 
  20. "Getting to grip with some GAA skills" (en-GB). BBC Sport (2017-08-04). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  21. eir Sport (2017T11:10). ""It's huge news. We're mad to get back in." @officialdonegal captain Michael Murphy reacts to Declan Bonner being named as new county boss.pic.twitter.com/szaq3oUNPC" (en). @eirSport. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  22. Brendan Crossan (2018-07-28). "Michael Murphy: the brightest star in Donegal and the ultimate team player" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  23. "Gradam bronnta ag Michael Murphy ar scoil Ghaeltachta i nDún na nGall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  24. "Up Close and Personal with...Michael Murphy | Daily News | GAA News | GAA.ie". web.archive.org (2014-08-08). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-08-08. Dáta rochtana: 2020-02-13.