Scríbhneoir Francach ab ea Michel Eyquem de Montaigne, nó Montaigne mar is fearr aithne air.

Infotaula de personaMichel de Montaigne

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1533
Saint-Michel-de-Montaigne (Ríocht na Fraince)
Bás13 Meán Fómhair 1592
59 bliana d'aois
Saint-Michel-de-Montaigne (Ríocht na Fraince)
Méara Bordeaux
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síCollege of Guienne (en) Aistrigh
Ollscoil Toulouse Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Laidin
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht
Suíomh oibre An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfealsamh, polaiteoir, file dlíodóra, morálaí Francach, dírbheathaisnéisí, saineolaí dlí, scríbhneoir aistí, aistritheoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidMuretus agus George Buchanan
TeangachaAn Iodáilis, an Laidin, An Mheán-Fhraincis, an Ghascúinis, an Ocsatáinis agus an Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileFrançoise de La Chassaigne (1565 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPierre Eyquem de Montaigne
Duine muintearthaJean de Ségur (col ceathar) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú


Musicbrainz: be371e6a-f23a-418b-8bd2-8864095e89da Discogs: 3234829 Find a Grave: 7717423 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh é ar an 28ú lá d'Fheabhra 1533 i château Naomh Mhichíl Mhontaigne (Saint-Michel-de-Montaigne), château atá suite i nDordogne na Fraince, agus ba san áit chéanna a fuair sé bás, ar an 13ú lá de mhí Mheán Fómhair 1592.

Tá tuairimí éagsúla ag scoláirí i dtaobh Mhontaigne: Dar le scoláirí áirithe, bhí sé ina fhealsamh agus mhorálaí de réir stíle na hAthbheochana. Ceapann scoláirí eile, áfach, gur scríbhneoir léannta a bhí ann agus go raibh sé ina cheannródaí ar na heolaíochtaí sóisialta agus stairiúla, nó gurbh eisean a chuir tús leis na heolaíochtaí sin i dtraidisiún na Fraincise fiú.

Ós rud é go raibh a athair, Pierre Eyquem de Montaigne, an-tógtha le Daonnachas, ba oideachas de réir gnásanna an Daonnachais a fuair Montaigne agus é ag fás aníos. Cé go raibh idéil an Daonnachais go forleathan i measc lucht an léinn ag an am, ba iontach an t-oideachas a tugadh do Mhontaigne. Rinne athair Mhontaigne cinneadh a pháiste a thógáil leis an Laidin mar mháthairtheanga, mar shampla, ionas go mbeadh an teanga seo, teanga na gClasaiceach agus léinn dá linne araon, ar a thoil ag an ngarsún nuair a bheadh sé ina dhuine fásta.[1]

Níor chaill Montaigne riamh an meon caidéiseach fiosrach sainiúil, ná an dúil sa léann, a bhí aige de thoradh an oideachais chuimsithigh ilbhéarlaigh sin a fuair sé. Tá meon an Daonnachais agus an fonn léinn le feiscint go soiléir ina chuid scríbhneoireachta, na hAistí (Essais) ach go háirithe.

Ba sa bhliain 1572 a chuir Montaigne tús le scríobh an tsaothair is iomráití dá chuid, is é sin na hAistí, agus níor éirigh sé as bheith á bhforbairt agus á n-athscríobh go dtí na míonna deireanacha dá shaol. Saothar ar leith is ea na hAistí, saothar a bhfuil áit thábhachtach i stair litríocht na Fraince aige - agus a raibh áit aige ar Index librorum prohibitorum na hEaglaise Caitlicí, b'in liosta na leabhar nach raibh sé ceadaithe ag dea-Chaitlicigh iad a léamh, ón mbliain 1676 go dtí an bhliain ina bhfuair an Pápa Pól VI réidh leis an Index.[2] Tugadh Aistí Mhontaigne ábhar machnaimh do go leor daoine, idir scríbhneoirí (m.sh., Shakespeare, Pascal, Proust) agus fhealsaimh (m.sh., Descartes, Nietzsche, Heideggar), ón am gur foilsíodh den chéad uair iad.

Scríobh Montaigne féin sa téacs 'Don Léitheoir', téacs atá mar bhrollach agesna hAistí, nach raibh aidhm aige agus é ag scríobh na nAistí “ach amháin aidhm phearsanta agus phríobháideach”.[3] Ag an am céanna, thug sé le fios i gceann amháin eile desna hAistí eile gur féidir leis an dté a léifeadh na hAistí maitheas agus tairbhe a bhaint astu toisc go bhfuil "gach aoinne ina íomhá den staid dhaonna ina hiomlán".[4] Agus, i ndáiríre, is chun íomhá dó fhéinig a chruthú a thosaigh Montaigne le scríobh na nAistí, nó mar a deir sé é: ‘Is mise ábhar mo leabhair’.[5]

Gaeilge cuir in eagar

Tá Gaolainn curtha ag Breandán Ó Doibhlin ar[6] chúpla ceann desna hAistí. Tá na haistriúcháin sin le léamh ina leabhar Montaigne – Deascán as na hAistí a foilsíodh sa bhliain 2001.[7]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Essais I.XXVI (‘De l’institution des enfants’): ‘[...] c’estoit une reigle inviolable que ny luy mesme, ny ma mere, ny valet, ny chambriere, ne parloyent en ma compaignie qu’autant de mots de Latin que chacun avoit apris pour jargonner avec moy.’ ([...] riail dhian ab ea í nach raibh cead aigesean [.i. ag athair Mhontaigne], ná ag mo mháthair, ná ag an ngiolla, ná ag an gcailín seomraí, aon ní a rá os mo chomhair ach amháin na focail Laidine a bhí foghlamtha acu chun comhrá briste a dhéanamh liom.)
  2. Sonraí maidir leis na scríbhneoiribh Francacha a cuireadh ar an Index – [i mBéarla]
  3. Essais (‘Au Lecteur’): ‘[...] je ne mé suis proposé aucune fin, que domestique et privée.’
  4. Essais III.II (‘Du repentir’): ‘[...] chaque homme porte la forme entiere de l’humaine condition’
  5. Essais (‘Au Lecteur’): ‘Ainsi, lecteur, je suis moy-mesmes la matiere de mon livre.’
  6. "Montaigne | Litríocht" (en-US). Dáta rochtana: 2023-09-27.
  7. Breandán Ó Doibhlin, Montaigne – Deascán as na hAistí (Coiscéim, 2001)