Is í Middelburg príomhchathair na cúige Zeeland san Ísiltír. Tá sí suite i gceartlár an iar-oileáin Walcheren (ciallaíonn an logainm 'Middelburg' 'Caisleán an Láir'.) Le daonra de 40,600 duine, tá an chathair ar an gceann is lú de phríomhchathracha chúigí na tíre. Sa 16ú hAois, áfach, bhí Middelburg chomh tábhachtach le hAmsterdam. Tá a rian sin ar lár stairiúil na cathrach, a mheallann na céadta míle turasóir in aghaidh na bliana. Tá cáil ar leith ar choimpléasc na mainistreach lena túr ard 'Lange Jan' ('Seán Ard'.) Tá iarsmalann chúige Zeeland suite sa choimpléasc seo.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMiddelburg

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°29′59″N 3°36′49″E / 51.4997°N 3.6136°E / 51.4997; 3.6136
Stát ceannasachRíocht na hÍsiltíre
Country of the Kingdom of the Netherlands (en) Aistrighan Ísiltír
Province of the Netherlands (en) AistrighAn tSéalainn
Bardasacht san ÍsiltírMiddelburg Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán49,956 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús941.68 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla53.05 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce8.48 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde3 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1217
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisHarald Bergmann (en) Aistrigh (2012–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist4330–4338 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód0118 Cuir in eagar ar Wikidata
BAG residence ID (en) Aistrigh1007 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmiddelburg.nl Cuir in eagar ar Wikidata

Aerbhuamáil cuir in eagar

Rinne aerfhórsa na Gearmáine aerbhuamáil ar Middelburg ar an 17 Bealtaine 1940. Fuair 22 duine bás sa ghníomh cogaidh seo agus scriosadh os cionn 600 foirgneamh ársa, túr cáiliúil an 'Lange Jan' ina measc. Thosaigh muintir na cathrach ar an atógáil le linn an chogaidh féin.

Turasóireacht cuir in eagar

Sa lá atá inniu ann, tá Middelburg ag brath go mór ar an turasóireacht. Tagann an cheathrú chuid de theacht isteach shiopaí na cathrach ó thurasóirí. Tarraingíonn go leor de mhuintir na Gearmáine ar an gcathair agus i rith an tsamhraidh is beag nach mó Gearmáinise a chloistear á labhairt ar shráideanna na cathrach ná Ísiltíris.

Tagairtí cuir in eagar