Innealra uathoibríoch chun priontaí daite fótagrafacha a tháirgeadh go tapa. In ionad na scannáin nochta a chur chuig saotharlann tríd an bpost, is féidir an mhionsaotharlann a chur ar siúl in áit ar bith a bhfuil soláthar cumhachta leictrí. Níl gá le draein, fiú, de bhrí go mbailíonn an meaisín an fuíoll le cur de láimh go cuí. Próiseálann an meaisín an scannán daite go huathoibríoch, agus cuirtear na claonchlónna díreach le próiseáil ansin le rolla páipéar dathanna, a nochtar is a phróiseáltar leis an bprionta daite a dhéanamh. Bíonn na priontaí ar fáil taobh istigh d'uair an chloig.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mionsaotharlann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 461.