Miriam O'Callaghan

craoltóir Éireannach

Is iriseoir Éireannach i gcúrsaí reatha í Miriam O'Callaghan. Rugadh í ar an 6ú hEanáir 1960 i mBaile Átha Cliath. Cuireann sí cláir cúrsaí reatha i láthair ar an raidió agus ar an teilifís. Cuireadh í Prime Time i láthair ar RTÉ 1 ón bhliain 1996.

Infotaula de personaMiriam O'Callaghan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Eanáir 1960
64 bliana d'aois
Carraig an tSionnaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRaidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSteve Carson (1983–1995)
Tom McGurk (2000–) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínJim O'Callaghan

IMDB: nm1481971 Twitter: MiriamOCal Cuir in eagar ar Wikidata

Saol a hÓige cuir in eagar

Rugadh Miriam i gCarraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath i 1960, iníon de Jerry, Státseirbhíseach sinsearach as Contae Chiarraí, agus Miriam, príomhoide bunscoil as Contae Laoise[1][2]. Is í an dara páiste i dteaghlach cúigear clainne, ceathrar cailín agus buachaill amháin[2]. Abhcóide, TD, agus baill de cheannasaíocht Fianna Fáil is ea a dheartháir Jim[3]. D'fhreastail Miriam ar Bhunscoil Naomh Brigid i gCábán tSíle, Baile Átha Cliath. Príomhoide sa bhunscoil seo ab ea a máthair ar feadh 40 bliana[4][5]. Bhain sí amach céim i ndlí i 1979 ó COBÁC agus i 1981 bhain sí amach dioplóma iarchéimí i ndlí an Eoraip[6].

Bhí sí ar an dteilifís don chéad uair sna 1980dí, i fógraíocht Bainne Avonmore. Tá an fógraíocht le feiceáil ar an gCartlann Scannán na hÉireann[7].

Gairm sa Bhreatain cuir in eagar

Tar éis cháiligh í ina abhcóide i 1983, bhog í go Londain lena fear céile Tom McGurk, agus thosaigh sí ag obair mar thaighdeoir ar Theilifís Thames. Thosaigh sí ag obair ar This Is Your Life, a cuireadh Eamonn Andrews i láthair[8]. Ansin d'oibrigh sí mar thaighdeoir cúrsaí reatha. Bhog sí go dtí an BBC i 1987 agus thraenáil sí mar léiritheoir in Ionad Teilifíse BBC i Londain Thiar[8].

Mar léiritheoir, d'oibrigh sí ar Kilroy, Family Matters agus Prime Time, freagrach as cláir speisialta i Hong Cong agus in Iarúsailéim. Chuaigh sí isteach mar thuairisceoir ar Newsnight, príomhclár cúrsaí reatha BBC, ar feadh 10 mbliana. Agus í ansin, rinne sí maoirseacht ar roinnt cláir imscrúdaithe tábhachtach, an t-iomrall ceartais faoin UDR 4 agus an t-iomrall ceartais faoi Kiranjit Ahluwalia san áireamh. Rinne sí obair le haghaidh Newsnight ar an Proiséas Síochána Tuaisceart na hÉireann[9].

Gairm RTÉ cuir in eagar

D'fhill O'Callaghan go hÉirinn i 1993 ag obair le RTÉ. Sa tús, chuir sí an clár eacnamaíocht agus gnó Marketplace i leith. Bhí sí fós ag obair leis an BBC, ar an gcéad sraith don chlár ITV Tonight with Trevor MacDonald[10]. Ó 1996, bhí sí ag obair le RTÉ amháin, mar láithreoir Prime Time[8]. Thaistil sí go Lucsamburg agus an Bhruiséil tar éis buamáil sa Bhruiséil i 2016, chun Prime Time a chur i leith sa Bhruiséil[11].

I 2005, thosaigh sí an chéad sraith ar a gclár cainte samhradh féin, Saturday Night with Miriam[12]. Rith an clár gach samhradh ó 2005-2017. Ghlac siad sos sa bhliain 2018, agus sa bhliain 2019 dúirt RTÉ nach mbeidh an clár ar ais mar gheall ar sceidil chontrátha[13]. Bhí sí ina láithreoir ar cláir theilifíse ar nós Surgeons i 2007 agus Who Do You Think You Are? i 2008[14][15]. Tá sí le feiceáil sa chlár Reeling in the Years i 1993, 1996, 2000 agus 2001. Chuir sí an clár Oíche Chinn Bliana i leith ar RTÉ i 2011 agus 2012[16].

Thosaigh sí ag obair mar láithreoir raidió ar RTÉ leis an gclár samhradh Miriam Meets i 2009[8]. Dúirt RTÉ i mí Lúnasa 2009 go mbeidh an clár ar siúl go bonn buan ar RTÉ Raidió 1 gach Domhnaigh. I 2013, sheas O'Callaghan isteach mar láithreoir bhonn buan ar RTÉ Raidió 1 ar an bpríomhclár na maidine, nuair a bhí láithreoir John Murray ar saoire thinnis[17]. Ina dhiaidh sin, fuair sí clár beo raidió nua, gach Domhnach ar RTÉ Raidió 1. Tá an clár ar siúl fós, leis an ainm Sunday with Miriam[17].

Ar an 24ú Deireadh Fómhair 2012, san ionad rialú náisiúnta RTÉ, bhuail sí an cnaipe a chur stop leis an tarchur teilifís analógach a raibh á úsáid in Éirinn ar feadh 50 bliana[18].

Saothraíonn O'Callaghan ceann de na tuarastail is airde i RTÉ, de réir eolas ó 2016[19].

Gradaim cuir in eagar

I 2003, bhuaigh O'Callaghan Duais Pearsa Theilifíse na Bliana sna hIFTAs[6]. Bhuaigh sí an Duais Stíl RTÉ Guide i 2007[16].

Bhuaigh an clár Miriam Meets... Gradam Raidió PPI i 2011[16]. Rinne O'Callaghan agallamh Prime Time le Praveen Halappanavar i 2013 agus bhuaigh an t-agallamh an Gradam Justice Media i 2013, sa chatagóir Nuacht Teilifíse[20].

Ghlac sí céim onóir Dochtúir na Litir (D.Litt.) ón Ollscoil na nUladh, Doire i 2011[6]. I 2017 bronnadh Dochtúir an Dlí uirthi as Ollscoil na hÉireann, Corcaigh[21].

Saol Pearsanta cuir in eagar

Tá ochtar clainne aici[22]. Bhí sí pósta ar Tom McGurk ó 1983-1995 agus tá ceathrar iníon acu, Alannah, Clara agus cúpla Jessica agus Georgia[23]. Bhuail sí le Steve Carson agus iad ag obair ar Newsnight[9]. Pósadh an lánúin i 2000 agus bhun iad comhlacht teilifíse, Mint Productions[24]. Tá ceathrar mhac acu, Jack, Daniel, Conor agus Jamie[23].

Tugann sí tacaíocht do roinnt carthanais, ISPCC[25], Make A Wish[26] agus Trick or Treat (Sráid Teampall)[27] san áireamh[20]. Is pátrún í ar Clíona's Foundation[28].

Naisc Sheachracha cuir in eagar

Miriam O'Callaghan ar Twitter

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Miriam O'Callaghan: "Life is not about perfection for me"" (as en) (2019-05-27). 
  2. 2.0 2.1 "Jim O'Callaghan on growing up with five strong women - 'The house was dominated by feminism to a certain extent'" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-12.
  3. Marie O'Halloran. "Election 2020: Jim O’Callaghan (Fianna Fáil)" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-12.
  4. "Back to school for Miriam and mum" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-12.
  5. "'My teacher mum was my biggest inspiration growing up' - Miriam" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-12.
  6. 6.0 6.1 6.2 "MIRIAM O'CALLAGHAN" (en-GB). UCD Alumni Awards. Dáta rochtana: 2020-03-12.
  7. "Avonmore Milk: Taste the Freshness" (as en-GB) (2017-04-25). 
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 "RTÉ Archives | Miriam O'Callaghan". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  9. 9.0 9.1 "My 1990s memories Miriam O'Callaghan" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  10. "Tonight with Trevor McDonald (TV Series 1999– ) - IMDb" . 
  11. "PICS: The RTÉ Prime Time Brussels attacks special has got a lot of people talking" (en). JOE.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  12. "Saturday Night with Miriam" . 
  13. "Saturday Night with Miriam won’t be returning to our screens this year" (en-GB). VIP Magazine (2018-03-21). Dáta rochtana: 2020-03-13.
  14. "Who Do You Think You Are? (TV Series 2008– ) - IMDb" . 
  15. "Surgeons (TV Series 2007– ) - IMDb" . 
  16. 16.0 16.1 16.2 "MIRIAM O'CALLAGHAN" (en-GB). Pendulum Summit. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-03. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  17. 17.0 17.1 "Miriam O'Callaghan to get her own 'Sunday with Miriam' radio show" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  18. Sinead O'Carroll. "VIDEO: The moment Ireland switched off its analogue signal" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  19. Shauna Bowers. "Salaries for 10 highest-paid RTÉ presenters amounted to €3m in 2016" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  20. 20.0 20.1 "Miriam O'Callaghan" (en). www.hrb.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  21. "Honorary Conferrings Speeches Archive" (en). University College Cork. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  22. "Miriam O'Callaghan: 'It's a great time to be a woman in Ireland'" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  23. 23.0 23.1 "Miriam O'Callaghan: 'I don't believe in keeping secrets, but I have to be careful when it comes to my adult children'" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  24. Ronan McGreevy. "Steve Carson to leave RTÉ for BBC Northern Ireland" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  25. "Miriam O'Callaghan | ISPCC". www.ispcc.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.[nasc briste go buan]
  26. "Our Ambassadors | Make-A-Wish". www.makeawish.ie. Dáta rochtana: 2020-03-13.
  27. "Miriam O’Callaghan launches Trick or Treat" (en-US). Temple Street Children's Charity (2014-10-02). Dáta rochtana: 2020-03-13.
  28. idfmarketing (2014-11-25). "Miriam O'Callaghan Launches New Information Booklet - Family Charity Ireland" (en-US). Clionas. Dáta rochtana: 2020-03-13.